Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 16 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ní thuigim é sin. Cad is féidir a rá? Tá sé as ord. B’fhéidir go bhfuil tuairim ag an Aire Stáit faoi sin. Bhí tuairim aige cúpla nóiméad ó shin maidir le leasú eile a bhí as ord. Tá a lán aighneachtaí faighte agamsa agus ag na Teachtaí Dála eile ó thaobh ábhar leasú Uimh. 293.

Téann leasú Uimh. 294 go croí na faidhbe agus tá baint aige leis an díospóireacht a bhí againn níos luaithe. Níl mé chun dul ar ais air sin ach tá sé tábhachtach é a rá. Tá mé ag iarraidh toirmeasc a chur ar an nGaeilge a chosc san ionad oibre. Deir an leasú, “Ní ceadmhach d’aon fhostóir cosc a chur ar aon fhostaí dá chuid nó dá cuid an Ghaeilge a labhairt nó a scríobh ...” agus leanann sé ar aghaidh. Tá sé pléite againn. Tá an leasú as ord agus táim ag impí ar an Aire Stáit mar b’fhéidir go bhfuil tuairim aige anois faoin leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.