Oireachtas Joint and Select Committees
Friday, 16 April 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)
Pa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 287:
I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar an bPríomh-Acht
10. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 36:“37. Déanfaidh an tAire, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus tráth nach déanaí ná 6 mhí ó theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tuarascáil a ullmhú, a eisiúint agus a chur faoi bhráid Chomhchoiste Oireachtais naGaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, maidir leis na féidearthachtaí atá ann chun an Ghaeilge sa Ghaeltacht a neartú trí sheirbhísí poiblí agus infheistíocht phríobháideach, lena ngabhfaidh coinníollacha teanga, a mhealladh go dtí limistéir Ghaeltachta, lena n-áirítear lascainí ar chostais agus Saorlimistéar Gaeltachta a bhunú ar bhonn Limistéar Neamhchustam na Sionna.”.”.
Níl sa leasú seo ach tuarascáil a choimisiúnú chun féachaint an féidir múnla an Shannon free zone a úsáid sa Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
No comments