Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 16 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 229:

I leathanach 29, línte 6 go 11 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “19B.(1) I gcás go mbeidh aicmiú teanga forordaithe, faoi alt 19A(2), ag an Aire, is aicmiú teanga a mbeidh feidhm aige maidir le comhlacht poiblí, déanfaidh an comhlacht an t-aicmiú, nó cuid den aicmiú, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh, mura mbeidh maolú deonaithe agus go dtí go mbeidh maolú deonaithe i leith an aicmithe nó i leith cuid den aicmiú.”.

Is é an rud atá i gceist leis seo ná leasú a dhéanamh ar ord na bhfocal in alt 19B(1) chun go mbeidh ord níos mó, agus dá réir béim níos mó, ar an tslí a bhfuil daoine ag féachaint air. Déantar an Bille a cháineadh go mór toisc an bhéim atá ar mhaolú a fháil agus is cinnte go bhfuil comhlachtaí poiblí ag féachaint ar na deiseanna maolaithe go léir atá ann agus iad ag súil nach mbeidh orthu gníomhú de réir na ndualgas ar chóir go mbeidís orthu. Dá réir sin, tá muidne ag iarraidh go n-athrófar sin agus go mbeadh a mhalairt de mheon acu. Tá abairt in alt 19B(1) a dhéanann cur síos ar an dualgas atá ag comhlachtaí na caighdeáin a chomhlíonadh. Tabharfaidh sé seo feidhm reachtúil don chaighdeán agus tacaímid leis sin.

Baineann brí shimplí leis. Déanfaidh an comhlacht an caighdeán nó cuid den chaighdeán, de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh. Ba chóir go mbeadh sé scríofa chomh simplí leis sin.

Ní sin atá san fhoclaíocht sa chuid sin den Bhille. Faraor, sula bhfuil cur síos déanta ar cad atá i gceist do chomhlachtaí de réir na caighdeáin, tá an abairt briste suas agus béim curtha chomh luath agus is féidir go mbeidh maolú na gcaighdeán mar ghnáthchleachtadh. Níl an t-alt seo faoi mhaolú ar chaighdeán teanga fiú san alt 19C. Ba chóir go mbeadh alt 19B dírithe go hiomlán ar dhualgas caighdeán teanga a chomhlíonadh. Ní féidir ach amháin "déanfaidh an comhlacht" a scríobh sula dtagann "mura mbeidh maolú deonaithe agus go dtí go mbeidh maolú deonaithe i leith an [chaighdeáin] nó i leith cuid den [chaighdeán]" isteach. Is athrú fócas atá i gceist sa mhéid atá á lorg againn. Sin an tuiscint atá ag an státseirbhís agus an bhuairt atá ar phobal labhartha na Gaeilge cheana féin faoin gcaighdeán seo, go mbeadh an maolú tugtha amach do gach duine, agus gan cúis ná próiseas soiléir cuirfear srian orthu. Tá sé soiléir le feiceáil anseo go háirithe. Tá mise den tuairim nár chóir go mbeadh sé seo ann.

Dar ndóigh, tá an focal "aicmiú" in úsáid anseo agus is "caighdeán" atá i gceist. Tá an díospóireacht sin tar éis a bheith againn agus sin an fáth go bhfuilim ag tarraingt siar na leasuithe ar fad i ngrúpaí móra. Ní raibh sé i gceist agam go mbeadh an oiread sin leasuithe ann. Bhí mise ag iarraidh leasú amháin ag rá go gcuirfear “aicmiú” isteach aon áit a dtagraítear “caighdeán” ach ní raibh Oifig na mBillí sásta mar ní sin an gnáthchleachtadh. Sin an fáth go bhfuil beagnach 100 leasú breise againn chun déileáil leis seo. Bheadh athrú beag le tarlú ar an bhfoclaíocht seo dá réir agus tuigim sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.