Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Féachfaidh mé orthu i gceann nóiméid. Tá an ceart ag an Aire Stáit go bhfuil deis iontach againn anois cinnte a dhéanamh de go mbeidh plean réadúil ach radacach ann. B'fhéidir nár sin na focail a d'úsáid sé ach dúirt sé go raibh deis iontach againn cinnte a dhéanamh de go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ó thaobh na Gaeilge sa státchóras de. Tá mise den tuairim gur chóir go mbeadh muid ag moladh go mbeidh 20% d'earcaithe nua inniúil sa Ghaeilge faoi 2025. Is ceithre bliana é sin. Measaim go bhfuil go leor ama againn. Tá sé leagtha síos ag an Aire Stáit ó thaobh an Bille a achtú, an tréimhse phleanála, an choiste chomhairligh agus mar sin. Ansin, bheadh go leor ama fós ag an státchóras chun a thuiscint go bhfuil an reachtaíocht seo chun ualach a chur air chloí leis an méid seo.

Chomh maith leis sin, tugann sé deis don chóras oideachais dul i ngleic leis an bhfadhb atá ann ó thaobh an líon daoine atá ag éalú ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge agus ó scrúduithe ardteistiméireachta. Má thuigtear go bhfuil poist agus deiseanna breise ann dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge acu, glacaim go mbeidh i bhfad Éireann níos mó daoine ag foghlaim na Gaeilge go leibhéal níos fearr agus níos airde sa chóras oideachais. Mar sin, beidh muid in ann cinnte a dhéanamh de go mbeidh 20% d'earcaithe nua inniúil sa Ghaeilge.

Dá mbeadh folúntas ann don phost is airde i gcomhlacht Stáit ina n-oibríonn deichniúr, ní gá é a leagadh síos gur gá d'iarrthóir a bheith inniúil ar an nGaeilge, ach tá a lán áiteanna eile sa státseirbhís ina n-earcaítear i bhfad Éireann níos mó daoine. D'fhéadfaí ról láidir agus dearfach a bheith ag na rannóga agus eagrais sin chun cinnte a dhéanamh de go mbeadh an 20% bainte amach i gcoitinne, trasna an státchórais ar fad, faoi 2025. Leag mé amach spriocanna don tréimhse ina dhiaidh sin: 30% faoi 2030, 40% faoi 2035 agus 50% faoi 2040.

Mar a luaigh mé níos luaithe, fiú leis an leasú sin a mhol mé, Uimh. 163, ní ga go mbeadh athrú chomh sciobtha sin ar an leibhéal Gaeilge sa státchóras. Bheadh níos mó dóibh siúd a d'earcófaí isteach ann thar na blianta inniúil sa Ghaeilge. D'fhanfadh roinnt acu sna poist sin agus gheobhadh roinnt acu ardú céime. Ba é an straitéis a bhí ag an Stát nuair a bunaíodh é ná go mbeadh an Ghaeilge ag fás go hinmheánach. Chun cuidiú leis sin, bheadh gá le hinfheistíocht mhór laistigh den státchóras féin chun cinnte a dhéanamh de go n-ardaíonn an líon Gaeilgeoirí sa státchóras i gcoitinne. Is jab eile é sin.

I ndaonáireamh 2016, dúirt 40% de dhaoine, nó mar sin, go bhfuil Gaeilge acu. Tá ar bheagnach gach uile dhalta scoile an Ghaeilge a fhoghlaim chuile lá ar feadh 14 bliain dá shaol. Táim chun ceist na ndíolúintí a ardú amach anseo. Más fíor sin, bheadh deiseanna breise fostaíochta dóibh siúd. Tá na daltaí atá sna meánscoileanna anois ag díriú isteach go an-luath ina saol ar na poist gur mhaith leo a bheith acu amach anseo. Is é sin an sórt molta a dhéanann Caoimhín de Barra ina leabhar, Gaeilge: A Radical Revolution.

An mian linn seirbhísí a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí trí Ghaeilge chun déileáil leis an ngéarchéim agus chun cinnte a dhéanamh go bhfuil muid ag sásamh an éilimh sin? Tá ceart acu go mbeadh na seirbhísí ar fáil dóibh ach ní féidir iad a fháil faoi láthair. Chun a gcearta a chomhlíonadh, caithfimid na céimeanna radacacha seo a ghlacadh agus caithfimid é seo a dhéanamh faoi dheifir. Is é sin an fáth go bhfuil an t-amchlár cuíosach ambitious ach ba chóir go mbeadh sé amhlaidh. Ní cóir go mbeimis ag tarraingt siar just toisc go bhfuil muid ag iarraidh fás gasta ó thaobh na Gaeilge de.

Mar a dúirt mé, ní leor é sin chun déileáil le ceist na hearcaíochta. Tá leasú eile agam ina bhfuil muid ag iarraidh cinnte a dhéanamh de go mbeadh spriocanna atá réasúnta, i mo thuairim féin, agus leanúnach ann chun go mbeadh an fhoireann i gcoitinne sna comhlachtaí Stáit agus na Ranna a bhfuil Gaeilge acu ag fás. Maidir le foireann an státchórais a bhfuil Gaeilge acu, bheadh muid ag dul ón bhfigiúr a luadh níos luaithe, an 3% nó mar sin, go dtí 10% faoi 2030 agus ar aghaidh go dtí 20% faoi 2040 agus 30% faoi 2050. B'fhearr liomsa go sroichfí 50% nó sa bhreis air sin faoin am sin ach táim sásta a bheith réalaíoch. Níl mé ag iarraidh daoine a bhrú as a bpoist.

Ba chóir go mbeimis ag déanamh cinnte de go bhfuil deiseanna foghlama atá i bhfad Éireann níos mó ar fáil dóibh siúd atá cheana féin sa státchóras, go mbeadh ranganna agus ciorcail chómhra acu, agus deiseanna chun freastal ar an nGaeltacht nó ar chúrsaí seachtracha nó inmheánacha i nGaeilge faoin nGaeilge chun snas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá fíorbheagán daoine sa Stát seo, agus fiú amháin sa státchóras, nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Mar a luaigh mé tá an chuid is mó acu tar éis teacht tríd an gcóras oideachais le 14 mbliana caite acu ag gabháil don Ghaeilge ach níl an snas acu. Is féidir le cur chuige ceart é sin a bhaint amach. Ní hé go bhfuilimid á lorg mar atá sé i dtíortha eile ach tharla sé i dtíortha eile timpeall an domhain agus is féidir linn féachaint ar thír na mBascach nó ar an mBreatain Bheag, mar shampla, mar áiteanna a bhfuil éacht déanta acu laistigh de thréimhse an-ghairid chun beocht a chur an athuair i dteanga a bhí i mbaol tamall ó shin. Tá a fhios agam go bhfuil na hAlbanaigh ag féachaint ar bheocht a chur arís sa Ghàidhlig chomh maith. Nílimid linn féin, ach amháin go bhfuilimid linn féin toisc gurb é seo an áit a bhfuil an Ghaeilge á labhairt agus caithfimid i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh chun í a chosaint. Ní hé go díreach go bhfuil mé ag lorg go mbeadh an Ghaeilge sa státchóras ach go bhfuil mé ag déanamh iarrachta go mbeadh an státchóras in ann na cearta atá ag Gaeilgeoirí a shásamh. Is é an t-aon bhealach chun é sin a dhéanamh i gceart ná go mbeidh an státchóras á ghaelú againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.