Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táimid ag teacht go dtí ceann de na ceisteanna móra sa reachtaíocht seo. Seo ceann atá cuibheasach casta. Táimid ag déileáil le h-earcaíocht ag staid amháin agus ag iarraidh cinntiú go bhfuil líon na nGaelgeoirí inniúla sna Ranna agus i gcomhlachtaí Stáit ag ardú. D’aontaigh gach duine go raibh sprioc dhaingean ag teastáil don earcaíocht. Rinne Conradh na Gaeilge moladh 20% faoi 2030. Is éard a dúirt sé ná:

Leasú ríthábhachtach anseo le cinntiú go mbeidh dáta leagtha síos le seirbhís trí Ghaeilge ón Stát a chinntiú don chead uair ó a bunaíodh an Stáit. Spreagfaidh an dáta seo muinín níos mó san Acht.

Sin an méid a bhí á lua acusan maidir le seo. Measaim agus measaim a lán daoine eile nach bhfuil an tAire Stáit ag dul fada go leor maidir leis an gceist seo.

Ní fiú mórán a rá faoi cé chomh tubaisteach is atá rudaí faoi láthair. Rinne an Teachta Ní Chonghaile éacht nuair a bhí sí ag tógáil na Ranna Stáit agus comhlachtaí Stáit os a comhair ag léiriú dúinn go sonrach cé chomh tubaisteach is a bhí leibhéal na Gaeilge agus inniúlacht na Gaeilge sa státchóras i gcoitinne tar éis éirí, le 20 nó 30 bliain anuas ach go háirithe. Bhí rudaí níos fearr ó thaobh iad siúd a bhí sa státchóras. Ní hé go raibh na Ranna chomh maith is a bhíodh ach is léir go bhfuil teip iomlán ar chúrsaí agus go bhfuil an locht ar an gcóras i gcoitinne agus ar na rialtais thar na blianta nach ndearna iarracht stop a chur leis an lobhadh a bhí ag tarlú.

Tá gearáin déanta nach bhfaigheann daoine atá ar an bpainéal earcaíochta Gaeilge an deis chéanna le Béarlóirí agus iad ag dul sa tóir ar phost sa státseirbhís agus go gcoimeádtar siar iad le haghaidh na poist a bhaineann le riachtanais Gaeilge. Ní gá dúinn ach féachaint ar an méid a tharla sa scéal a nochtadh inné sa nuacht maidir le Roinn an Aire, an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, áit a raibh an córas inmheánach ag brú orthu siúd a bhí ag cur isteach ar phoist a bhí ar fáil sa Roinn iarratas a chur isteach i mBéarla. D’admhaigh sí gur botún a bhí ann, mar ba ghnách. Déantar botúin arís is arís eile. Bíonn an Ghaeilge sa dara háit agus gealltar go ndéanfar é a cheartú don chéad uair eile, ach is léir nach bhfuil tús áite tugtha don Ghaeilge fiú sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó thaobh earcaíochta de agus í dírithe ar an nGaeilge.

Tar éis dúinn ar fad a bheith ag caint faoi níos mó Gaeilgeoirí a earcú, cad a fheicimid i lár an phróisis agus muid ag déileáil leis an reachtaíocht seo? Feicimid an Roinn atá i gceannas air seo ar fad ag maslú Gaeilgeoirí.

Luaigh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, na figiúirí agus é os comhair an choiste seo i mí Dheireadh Fómhair. Léiríodh go raibh an Ghaeilge ag thart ar 500 oibrithe as os cionn 20,000 oibrithe sa státchóras, thart ar 3%. Ina theannta sin bhí poist sainaitheanta le riachtanais Gaeilge. Is éard atá i gceist leo siúd ná gurb iad seo na poist a deireann na Ranna go bhfuil riachtanais Ghaeilge ag baint leo. As thart ar 20,000 post, bhí thart ar 80 post, 0.05%, sainaitheanta le riachtanais Ghaeilge. Tá thart ar 60 de na poist sin lonnaithe sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá 20 post fágtha sna Ranna eile ar fad agus chuile cheann acu faoi 1%. Léiríonn sé sin cé chomh híseal is atá an leibhéal faoi láthair. Is é sin a dúirt an Coimisinéir Teanga linn.

Gheall an tAire Stáit go mbeadh sprioc curtha sa Bhille agus go mbeadh inniúlacht Ghaeilge ag 20% d'earcaithe nua faoi 2030. Níl an sprioc sin le feiceáil ina leasú. B'fhéidir go mbeadh sé in ann míniú a thabhairt air sin. Cén fáth nár ghlac sé leis an moladh a rinne a lán daoine? Nílimid ag rá go mbeadh 20% d'oibrithe sa státchóras in ann déileáil linn trí Ghaeilge nó go mbeadh inniúlacht Ghaeilge ag an méid sin dóibh faoi 2030. Is é 20% d'earcaithe nua an sprioc. Is sciar beag den státchóras i gcoitinne é seo. Níl a fhios agam an méid daoine a earcaítear chuile bhliain ach níl muid ag caint faoi 20% den fhoireann iomlán. Tiocfaidh fás air sin diaidh ar ndiaidh.

Táimse den tuairim gur chóir dul níos faide ná 20% sna blianta ina dhiaidh sin. Mar a luaigh mé leis an leasú deireanach, ba chóir tréimhsí ama agus spriocanna a leagan síos agus, nuair a shroichtear an 20% faoi 2030, go mbogtar ar aghaidh go dtí na spriocanna eile a leag mé síos i leasú Uimh. 166. Níl aon bhac ar choinníoll a chur ar phost atá á thairiscint ag comhlacht poiblí. D'fhéadfaí tús a chur leis amárach agus riachtanas Gaeilge a chur ar gach cúigiú post sa státseirbhís. Tá mise sásta sórt am lead-in a thabhairt agus na rialacha á leagan síos.

Dúradh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta in 2007 go dtiocfaidh deireadh leis an nGaeilge mar phríomhtheanga, fiú sna ceantair is láidre Ghaeltachta, roimh 2027 gan athruithe móra chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Cén fáth nach bhfuil práinn i gceist leis na hathruithe sin? Is é sin atá i gceist. Tá sé seo práinneach. Muna dtosaímid agus ní hamháin spriocanna a leagan síos ach iad a shroicheadh, fíorófar an méid atá ráite sa staidéar cuimsitheach teangeolaíochta. Tuigim go mbeidh sé níos deise poist faoi leith a roghnú agus Gaeilgeoirí a chur iontu. Is féidir leis sin tarlú ag an am céanna agus muid ag ardú an méid Gaeilgeoirí sa státchóras tríd an athrú seo ar an gcóras earcaíochta. Ní gá dúinn fanacht go dtí 2030, mar atá ráite ag an Aire Stáit agus molta i leasú an Teachta Gannon. Is féidir linn bogadh i bhfad Éireann níos tapúla sa chás seo.

Fágfaidh mé mar sin é. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais ag brath ar an méid a déarfaidh an tAire Stáit maidir leis seo. Is ceann de na príomhdhíospóireachtaí a bhaineann leis an reachtaíocht é seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.