Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Pa DalyPa Daly (Kerry, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 154:

I leathanach 19, líne 31, “, spriocanna ama agus moltaí sonracha” a chur isteach i ndiaidh “comhairle”.

Tá a fhios ag cách go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge de réir na Bunreachta agus Achtanna. Ba chóir é sin a aithint mar bhunús seachas glacadh leis nach soláthraíonn comhlachtaí seirbhísí trí Ghaeilge nó go bhfuil agus gur féidir neamhaird a dhéanamh ar a dhualgais reachtúla agus bunreachtúla.

Leagann an leasú seo dualgas síos don choiste spriocanna ama daingne agus moltaí a thabhairt do chomhlachtaí poiblí seachas comhairle ghinearálta amháin a thabhairt dóibh, rud a chabhródh go mór leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Bhí mé ag caint le bean le déanaí agus bhí trioblóidí aici le hoifig an chróinéara leis an ainm a tugadh ar a fear chéile nuair a fuair sé bás. Chuala mé an scéal ar "Tús Áite", agus bhí sé foilsithe ar tuairisc.iechomh maith mar gheall ar an Dr. Fanghze Qiu, an t-ollamh sa tsean-Ghaeilge, agus na trioblóidí a bhí aige foirm shaoránacht a fháil mar bhí a lán moille ann toisc nach raibh na foirmeacha ar fáil as Gaeilge.

Cáineadh an Bille seo go mór toisc easpa spriocdháta a bheith ann, rud atá aitheanta ag an Aire Stáit agus ag a chomhghleacaí Rialtais, rud atá riachtanach chun athruithe a bhaint amach. Tá sé ráite ag an Aire Stáit go mbeidh spriocanna níos daingne leagtha síos amach anseo ach níl aon treoir againn don phlean náisiúnta ach go mbeidh comhairle ann do chomhlachtaí poiblí. Ba chóir go mbeadh spriocanna ama agus moltaí sonracha soiléire ann má tá comhlachtaí ceaptha rudaí a chur i bhfeidhm. Gan spriocanna nó moltaí soiléire, is féidir le comhlachtaí poiblí a maíomh gur éist siad leis an gcomhairle agus gan faic a dhéanamh mar gheall uirthi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.