Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 151:

I leathanach 19, líne 17, “6 bliana” a scriosadh agus “5 bliana” a chur ina ionad.

Tá an ceann seo cosúil leis an leasú deireanach a bhí agam ó thaobh na tréimhse cúig bliana de. Táimid ag iarraidh go mbeadh an plean ann gach uile chúig bliana. Má tá tréimhse cúig bliana i gceist beidh athbhreithniú déanta air níos luaithe ná dá mbeadh sé bliana i gceist. Iarraim ar an Aire Stáit arís machnamh a dhéanamh ar phlean cúig bliana a bheith ann seachas sé bliana. Is gnáthchleachtadh den státchóras é tréimhse cúig bliana a bheith ann den chuid is mó de. Is féidir liom roinnt samplaí a thabhairt agus thug mé roinnt díobh cheana féin don Teach. Tá Plean Straitéise Cycling Ireland 2020 – 2024 ann, Plean Straitéise 2020 – 2024 de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn, agus fiú amháin an HSE, cé nach bhfuil an ceann seo as Gaeilge, is é sin HSE Quality Improvement Strategic Approach 2020 – 2024.Is gnáthrud é agus ní rud mór é ach amháin go mbeadh athbhreithniú níos tapúla á dhéanamh ar na pleananna seo seachas é a bheith á dhéanamh ar bhonn sé bliana. Fágfaidh mé mar sin é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.