Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 15 April 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 166:
I leathanach 21, línte 19 go 22 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: "(b) an líon foirne iomlán de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil sa Ghaeilge a mhéadú ionas go mbeidh—(i) faoin 31 Nollaig 2025, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh,
(ii) faoin 31 Nollaig 2030, 30 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh,
(iii) faoin 31 Nollaig 2035, 40 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh,
(iv) faoin 31 Nollaig 2040, 50 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh.".
No comments