Oireachtas Joint and Select Committees
Thursday, 15 April 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 162:
I leathanach 21, línte 14 agus 22 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: "(a) na seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir PleanálaTeanga Ghaeltachta a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge faoin 31 Nollaig 2025,
(b) an líon seirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú, ag féachaint go háirithe do sheirbhísí a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge, agus
(c) an líon foirne de chuid comhlachtaí poiblí atá inniúil i nGaeilge a mhéadú ionas go mbeidh, faoin 31 Nollaig 2025, 20 faoin gcéad ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí inniúil amhlaidh.".
No comments