Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 15 April 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é atá i gceist le leasú Uimh. 159 ná:

I leathanach 21, idir línte 13 agus 14, an méid seo a leanas a chur isteach: “(a) gur trí mheán na Gaeilge a sholáthrófar gach seirbhís a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta faoin 31 Nollaig 2025 nó, má thugann an Coiste Comhairleach cead éigeandála do chomhlacht poiblí ar leith imeacht ón gceangal sin, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2030,”.

Beidh mé ag lorg vótáil ar an leasú seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.