Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 9 March 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 123:
I leathanach 15, líne 14, “lá a cheapadh” a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad: “lá a cheapadh, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith,”.”.
Ceadaíonn an Bille coiste comhairleach reachtúil um sheirbhísí Gaeilge a bhunú don soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Éileoidh an leasú seo go mbunóidh an tAire an coiste comhairleach seo tráth nach bhfuil níos déanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe, ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar imní a d’ardaigh an Coimisinéir Teanga agus earnáil na Gaeilge maidir le heaspa spriocdhátaí sa Bhille. Ba mhaith liom go mbeadh sé seo déanta chomh sciobtha agus is féidir agus go mbeadh sé déanta taobh istigh den trí mhí atá molta ag an Teachta Ó Snodaigh. Tabharfaidh an leasú seo spás dúinn ar fhaitíos go dtarlódh aon rud a chuirfeadh constaic orainn é a chur ar bun taobh istigh de thrí mhí.
Maidir le leasú Uimh. 124, mar a luaigh mé táim ag tabhairt aghaidh air seo le mo leasú féin agus ar an mbonn sin b’fhéidir go mbeidh an Teachta sásta an leasú a tharraingt siar.
No comments