Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 March 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 122:

I leathanach 15, líne 10, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “d’ainneoin fho-alt (3).”: “Ní dhéanfaidh aon aicmiú teanga forordaithe laghdú ar na dualgais a bhí i bhfeidhm ar chomhlacht poiblí faoi scéim go dtí sin, áfach.”.

Ar an gceist seo, ní cóir go mbeadh na caighdeáin nua ag tabhairt deis do chomhlachtaí nua dearmad a dhéanamh ar na dualgais a bhí aontaithe acu faoi na scéimeanna atá ann faoi láthair. Déanfaidh an leasú seo cinnte de, nuair a thiocfaidh na caighdeáin, nach mbeidh aon dul siar, cé nach bhfuil a fhios againn cad atá sa dréacht-chaighdeáin, mar a dúirt mé, mar níl siad os ár gcomhair. Tá a lán de na scéimeanna aontaithe, leagtha síos agus tá comhlachtaí Stáit agus Ranna in ainm is a bheith ag cloí leo, ach b’fhéidir go mbeadh roinnt acu ag déanamh iarrachta an deis a thapú chun ísliú a fháil ar an méid atá aontaithe acu cheana féin.

Mar shampla, deir alt 12 den Bhille, “ní thuairisceoidh an tAire mainneachtain, diúltú nó neamhábaltacht ag an gcomhlacht poiblí lena mbaineann dréacht-scéim dá dtagraítear san fhógra a ullmhú”. Ba chóir go mbeadh comhlachtaí fós ag comhlíonadh scéim a bhí aontaithe go dtí go dtiocfaidh caighdeán isteach agus ní cóir go mbeadh siad ag dul siar i gcónaí ach go mbogfadh siad chun tosaigh. Níl i gceist sa Bhille seo ceart agus dualgas teanga a laghdú nó céim siar a thógáil agus aontaímid ar fad leis an méid sin. Ba chóir dúinn aon dabht a bheith gearrtha amach agus nach mbeadh aon bhealach éalaithe acu siúd a bheadh ag lorg a leithéid toisc go bhfuil an tAire Stáit ag athrú ó na scéimeanna atá ann faoi láthair go dtí caighdeáin amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.