Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 March 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Roghchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Leanfar an seisiún seo den chruinniú ar feadh dhá uair an chloig. Cuirfear an cruinniú ar athló ag an am sin. Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht, as an spórt agus as an gcosaint, an Teachta Chambers, agus roimh a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officioden roghchoiste é an tAire Stáit agus, mar sin, cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta O'Dowd.

Ag deireadh an chruinnithe dheireanaigh, bhíomar ag críochnú le leasú Uimh. 97 agus bhí mé tar éis vóta a fhógairt. Sula rachaimid ar aghaidh leis sin, luafaidh mé go bhfuil litir faighte againn ón gCeann Comhairle maidir leis na leasuithe a dícheadaíodh de thairbhe muirir ar ioncam an Stáit agus iad a dícheadaíodh toisc nach raibh siad ag luí le scóip an Bhille. Ina litir chugainn, tharraing an Ceann Comhairle aird ar Bhuan-Ordú 187(2). Deir sé gur féidir leis an Aire Stáit, faoin mBuan-Ordú seo, scóip an Bhille a leathnú. Bhí muid den tuairim go bhfeádfadh an tAire Stáit féachaint ar na leasuithe atá as ord toisc nach bhfuil siad ag luí le scóip an Bhille agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil sé sásta scóip an Bhille a leathnú chun iad a thógáil san áireamh. Fágfaidh mé é sin leis an Aire Stáit. Is féidir leis teacht ar ais chugainn inniu nó ag an gcéad chruinniú eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.