Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 2 March 2021
Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement
The Irish Language and the New Decade New Approach Agreement: Conradh na Gaeilge
Brendan Smith (Cavan-Monaghan, Fianna Fail) | Oireachtas source
Cúpla focal uaimse, a Chathaoirligh. Ar an gcéad dul síos, táimid buíoch díot, a Chathaoirligh, as ucht an cruinniú tábhachtach seo. Bhí daoine ag caint cheana mar gheall ar na scoileanna. Bhí mé ag caint freisin ar ról tábhachtach na mbunscoileanna agus na meánscoileanna. Creidim freisin i dteannta na bhforbairtí iontacha sin go bhfuil gá le tacaíochtaí cearta chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail ar fad ionas go mbainfidh gach aois grúpa tairbhe as. Ba cheart go mbeadh an cúnamh seo ar fáil do gach uile dhuine ar gach leibhéal chun líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach. Beidh toradh iontach againn má chuireann muid an Ghaeilge, ár gcéad theanga atá ina teanga shaibhir, chun cinn. Déanfaidh muid an todhchaí a fheabhsú agus a shaibhriú. Gabhaim mo mhíle buíochas leis na speakers atá linn ar maidin i Seachtain na Gaeilge.
No comments