Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 March 2021

Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement

The Irish Language and the New Decade New Approach Agreement: Conradh na Gaeilge

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas as an gcur i láthair ar maidin. Tréaslaím leis an méid atá ráite ag uachtarán Chonradh na Gaeilge ar maidin. Tá práinn ann ó thaobh na reachtaíochta seo. Ní hamháin go bhfuil sé comhaontaithe ag an dá Rialtas agus ag na páirtithe ó Thuaidh, ach tá sé de dhíth ag an bpobal agus ag daoine atá ag iarraidh agus i dteideal cearta a bheith acu chun nithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

I dtaca leis an moladh atá leagtha os ár gcomhair ón gconradh ar maidin, sílim gur féidir linn go léir tacú leis an méid sin. Ba cheart dúinn scríobh chuig na hAirí cuí thar cheann an Chomhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Seo ábhar den chomhaontú nach bhfuil curtha i bhfeidhm go fóill so ba cheart go mbeadh sin mar ábhar imní dúinne agus mar thosaíocht inár gcuid oibre ag dul chun tosaigh.

Cé go bhfuil neart dul chun cinn déanta agus tiomáinte ag an phobal i dtaca le cúrsaí Gaeilge ó Thuaidh, ba mhaith liom moladh a dhéanamh. Agus muid i lár Seachtaine na Gaeilge – agus déanaim comhghairdeas le Conradh na Gaeilge arís as an imeacht a eagrú sna coinníollacha atá ann faoi láthair - tá sé tábhachtach nach bhfuilimid ag plé cúrsaí Gaeilge le linn Seachtaine na Gaeilge amháin. Ba cheart go mbeadh muid ag cluinstin faoi chúrsaí Gaeilge agus ó phobal labhartha na Gaeilge i bhfad níos minice ná sin. B’fhiú dúinn mar choiste píosa oibre a chur ar bun chun idirghníomhú a dhéanamh tríd an chonradh agus tríd an Dream Dearg leis an phobal sna Sé Contae. Ba cheart dúinn idirghníomhú a dhéanamh leis na grúpaí eile amuigh ansin atá ar chomhchéim agus ar chomhthoil linne ar fad go bhfuil an tAcht agus an reachtaíocht sin de dhíth.

Tréaslaím leis an méid atá ráite ag an chonradh ar maidin. Tá an comhthoil sin ann san Oireachtas i dtaca le cur i bhfeidhm New Decade, New Approach agus na comhaontaithe eile. Tá orainn an comhthoil sin a choinneáil agus a neartú arís inniu ón chruinniú agus ón choiste seo.

For the benefit of my colleagues who are online, I would say there is a lot for me in what the president of Conradh na Gaeilge said this morning, as someone who is a very proud member of the Irish language community in the North and who wants to see, and ultimately to avail of, the rights and entitlements that this legislation seeks to bring. As we move forward, and this is a clear priority for the community, it is important that there is an opportunity for the committee to continue to engage with Conradh na Gaeilge and with other Irish language groups and organisations about their experiences and why this legislation is so important. It allows us to deal with this issue outside the realm of the very welcome and very important Seachtain na Gaeilge events going forward.

In terms of the work suggested for us today by Conradh na Gaeilge, it is very important that we take that forward. Maybe we would even take it beyond writing to the various Ministers and that we, as a committee, would seek to engage with them on the real urgency of this agreed legislation and why it needs to be brought into effect.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.