Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 March 2021

Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement

The Irish Language and the New Decade New Approach Agreement: Conradh na Gaeilge

Photo of Brendan SmithBrendan Smith (Cavan-Monaghan, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus na daoine uaisle atá leis agus leis na páirtithe eile. Cuirim fáilte mhór roimh gach duine inniu. Ní mór dom a rá go dtuigim an tábhacht a bhaineann lenár dteanga dhúchais sa lá atá inniu ann. Is cuid í dár gcultúr, dár n-oidhreacht agus, ar ndóigh, dár bhféiniúlacht. Mar sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go seasann muid go léir ar a son. Tacaím leis an bhfeachtas atá curtha ar bun ag an gconradh agus leis na haidhmeanna atá le baint amach aige chomh maith. Ní mór dúinn oibriú le chéile agus aitheantas ceart a fháil don Ghaeilge. Mar a deireann an seanfhocal, ní neart go cur le chéile. Gan amhras, le blianta anuas tá méadú tar éis teacht ar líon na mbunscoileanna agus na meánscoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Ba cheart go mbeadh an seans céanna ag na daoine amuigh sna ceantair agus iad nach bhfuil ag freastal ar na scoileanna ná na coláistí. Táim buíoch as ucht an obair a dhéanann Conradh na Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge agus, go mór mór, i rith na bliana ar fad, gach bliain, ar fud na tíre. Déanaim comhghairdeas le gach éinne atá páirteach in obair Chonradh na Gaeilge ar fud na tíre. Araon leis an gCathaoirleach, cuirim fáilte mhór roimh na finnéithe agus déanaim comhghairdeas leo as an dea-obair a dhéanann siad ar fud na tíre ó cheann ceann na bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.