Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 March 2021

Joint Oireachtas Committee on the Implementation of the Good Friday Agreement

The Irish Language and the New Decade New Approach Agreement: Conradh na Gaeilge

Mr. Julian de Spáinn:

Mar aon leis an uachtarán, gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an deis a bheith anseo inniu. Le béim a chur air agus an díospóireacht a threorú i dtreo an bhunruda atáimid ag iarraidh a chur trasna, tá práinn faoi leith leis an gceist seo. Bhí práinn riamh ann agus 15 bliain níos déanaí táimid fós ag caint faoin straitéis agus faoin reachtaíocht a gealladh. Mar a dúirt an t-uachtarán, tá práinn faoi leith ann mar gheall go bhfuil toghchán ag teacht in 2022. Caithfear é seo a chur i gcrích anois. I am trying to emphasise the urgency of what needs to be done in the coming months to ensure this does not carry forward into 2022. Caithfear é a réiteach anois. Is é sin an fáth go bhfuilimid anseo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.