Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 March 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 84:

I leathanach 13, línte 8 go 11 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “9C. (1) Cinnteoidh comhlacht poiblí, ar agus ó thosach feidhme an ailt seo agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2024, i gcás go mbeidh a lógó á athnuachan nó á athrú aige, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh téacs is cuid den lógó nua nó den lógó athraithe.”.

Is é an rud atá á dhéanamh anseo arís ná spriocdháta don dáta tosaigh feidhme, is é an chéad lá d’Eanáir 2024, a chur isteach sa Bhille. Mar a dúirt mé ón tús, tá gá le dátaí cinnte le go ndéanfar rudaí agus tá mé ag moladh an leasaithe seo ar an mbunús sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.