Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 2 March 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tairgim leasú Uimh. 78:
I leathanach 11, idir línte 24 agus 25, an méid seo a leanas a chur isteach: “(2A) I gcás foirm oifigiúil i nGaeilge agus i mBéarla araon—(a) beidh an téacs i nGaeilge ann ar dtús má tá an dá theanga ar an leathanach céanna, nó beidh sé ar an leathanach tosaigh agus ar gach leathanach ar dheis ina dhiaidh sin más i bhfoirm leabhráin atá sé ina ndéanann an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla uainíocht ar a chéile,
(b) beidh an téacs i nGaeilge chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an téacs i mBéarla agus sa chló céanna agus den stíl chéanna agus ar an taobh céanna den leathanach lena mbaineann.”.
No comments