Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 March 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh 68:

I leathanach 9, líne 41, "laistigh de 3 mhí tar éis an t-alt seo a achtú" a chur isteach i ndiaidh "a eisiúint".

Baineann an dá leasú seo le heisiúint na treoirlínte, a raibh mé díreach ag caint fúthu, in alt 9A. Faoi láthair, ní hamháin nach bhfuil aon dualgas ar an Aire treoirlínte a eisiúint seachas go bhféadfadh sé nó sí iad a eisiúint, ach níl aon amchlár leagtha síos chun go ndéanfaidh sé nó sí é sin. Gan treoirlínte a bheith seolta chomh luath agus is féidir, ní dhéanfaidh na comhlachtaí poiblí na rialacha a chomhlíonadh fad agus a bhfuil siad ag fanacht orthu. Chonaic muid é sin ar fad nuair a ritheadh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 - d'fhan na comhlachtaí ar fad siar go dtí gur tugadh treoir dóibh. Tá mise ag moladh spriocdháta de trí mhí tar éis an Bille a achtú. Má tá an tAire Stáit ag iarraidh sé mhí a mholadh, is féidir é sin a dhéanamh. Ceann de na fadhbanna a d'aithin na heagrais Ghaeilge mar locht sa Bhille seo ná nach bhfuil amchlár leagtha síos agus go mbeidh muid ag fanacht go deo na ndeor le feiceáil an dtiocfaidh treoirlíne am éigin ó áit éigin agus i gcruth éigin.

Tá roinnt de na leasuithe a d'imigh roimhe seo sórt ceangailte leis seo, ach táimid ag iarraidh a dhéanamh cinnte de go mbeidh sé seo ag teacht agus go dtuigfidh na comhlachtaí é sin. Mar sin, má ghlacann an Rialtas leis seo anois, is féidir treoir a thabhairt do na comhlachtaí a bheith ag ullmhú do seo mar beidh a fhios acu go mbeidh treoirlínte ag teacht maidir leis na foirmeacha oifigiúla. Níl na foirmeacha i gceist le leasú Uimh. 68 ach na hainmneacha agus na seoltaí. Déantar déileáil leis na foirmeacha oifigiúla ar leathanach 11 den Bhille.

Níl anseo ach go mbeidh na treoirlínte foilsithe faoin am sin. Ní hé go bhfuil sprioc ann. Is féidir leis an Rialtas an sprioc a leagan síos sna treoirlínte. Maífear ansin cén uair go díreach a bheidh ar na comhlachtaí cloí leis na treoirlínte sin. Tá an spás sin ann. Gan na treoirlínte a bheith seolta chomh luath agus is féidir, ní dhéanfaidh na comhlachtaí na rialacha seo a chomhlíonadh. Is cúis eile é seo chun cearta a chur siar arís agus sin a tharlaíonn. Ní rud é seo a bhraitheann ar chomhlacht ar leith. Níl rialacha gramadaí difriúla ag baint le húsáid ainmneacha i gcomhlacht amháin ná mar atá i gcomhlacht eile. Mar sin, ní chóir go mbeadh aon ama ag teastáil chun ceisteanna a phlé nó chun treoirlínte éagsúla a chur ag baint le caighdeáin áirithe. Tá na rialacha a bhaineann le hainmneacha agus seoltaí á n-úsáid cheana féin. Níl le déanamh ach iad a chur le chéile. I gcás na hainmneacha sin, tá mise ag lorg go mbeidh sé sin déanta laistigh de trí mhí.

I gcás leasú Uimh. 70, táimid ag iarraidh go ndéanfaidh an tAire, a luaithe agus atá indéanta, aon treoirlíne a eiseofar faoi mhír a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Ranna. Tá a fhios againn ón bhforáil faoi Achtanna a achtú go dátheangach a luaithe agus atá indéanta, nach gciallaíonn an frása seo ach mañanamañananó am éigin amach anseo. Mar a rinne mé tagairt dó cheana agus an Bille seo á phlé againn, nuair a bhíomar ag déanamh staidéar ar reachtaíocht agus ag iarraidh leasuithe a chumadh roimhe seo, bhíomar ag brath ar Achtanna a raibh foilsithe i mBéarla amháin fós. Sin rud atá mídhleathach i slí amháin agus bheadh sé an-spéisiúil dá mbeadh cúpla cás cúirte tógtha i gcoinne an Stáit as Gaeilge agus nach raibh an reachtaíocht ann. Tugadh an treoir sin dúinn san Oireachtas seo tamall maith de bhlianta ó shin. Ba é an Breitheamh Hardiman agus b'fhéidir breithiúna eile a rinne trácht air.

Tá sé tábhachtach, mar sin, go bhfuil dáta leagtha síos, go bhfuil sé cinntithe go bhfuil dáta ann agus go ndéanfar cloí leis an dáta sin sa mhéid agus is féidir. An rud atá i gceist agam ná go ndéanfaidh an tAire aon treoirlíne a eiseofar faoi alt 9A(4)(a) a fhoilsiú ar an dáta céanna a eiseofar iad. Tá sé cuibheasach soiléir go bhfuil luas ag teastáil faoi na forálacha seo, nach mbeidh muid ag fanacht go fada ar rud éigin teacht agus go mbeidh luas faoin mhéid atá an tAire chun déanamh maidir leis na treoirlínte sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.