Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 16 February 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil).
Marc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source
Mar a dúirt mé ar an Dara Céim, is minic gur iad na rudaí beaga a chuireann isteach ar dhuine mar Ghaeilgeoir. Mothaítear i gcónaí go mbítear ag snámh in aghaidh na srutha. Tá an síneadh fada mar cheann de na mionrudaí sin a chuireann isteach ar mhuintir na Gaeilge. Ní hí an Ghaeilge amháin a bhfuil diacritics inti. Is féidir leis na Gearmánaigh déileáil leis an umlautagus is féidir leis na Francaigh déileáil leis an cédille. Cén chaoi nach féidir linne déileáil leis an síneadh fada? Thug mé faoi deara go bhfuil an séimhiú luaite ar leathanach 9 den Bhille. Níl a fhios agam an bhfuil an síneadh fada luaite go soiléir sna leasuithe atá idir lámha againn faoi láthair. Is rud tábhachtach agus bunúsach é agus ba chóir dúinn féachaint go géar air sin chun a shoiléiriú go mbeidh sé luaite sa reachtaíocht agus chun a chinntiú go mbeidh sé fuirist do dhaoine an síneadh fada sin a úsáid i ngach gné den saol gur mian leo. I mo chás féin, mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, bíonn sé deacair an síneadh fada sin a chur isteach ar an gcárta creidmheasa nó rudaí mar sin. Is iad na rudaí bunúsacha sin is mó a chuireann isteach ar dhaoine. Ba bhreá liom é dá mbeadh an tAire Stáit sásta féachaint ar an leasú seo.
No comments