Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 February 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil).

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 50:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4.Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht, i bhfo-alt (3), trí “, lena n-áirítear ábhar margaíochta de chuid an chomhlachta phoiblí,” a chur isteach i ndiaidh “chun faisnéis”.”.

Bhí beagáinín díospóireachta roimhe seo ó thaobh leasaithe a thairg an Cathaoirleach féin. Is dócha go bhfuil leasú Uimh. 50 nasctha leis sin i ndáiríre. Níl a fhios agam cén fáth nach raibh siad nasctha le chéile. Is leasú thar a bheith simplí é seo arís. An rud atá uainn ná athrú a dhéanamh le halt 9(3) sa bhunreachtaíocht. Maítear san alt sin:

I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis [Tiocfaidh mé ar ais chuige sin mar tá mé iarraidh rud a chur isteach anseo] a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.

Tá an alt sin ann agus an rud atá uaim ná cur leis sin agus tar éis "chun faisnéis" an frása seo a leanas a chur isteach ", lena n-áirítear ábhar margaíochta de chuid an chomhlachta phoiblí,".

Níl a fhios agam an bhfuil an tAire Stáit i gcoinne nó ar son an leasaithe. Ag bogadh ar aghaidh, ó 2003 go dtí an lá atá inniu ann, tá réimse leathan ábhar margaíochta ann. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an réimse sin clúdaithe ag an mBille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.