Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 16 February 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil).

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an leasú seo i m'ainm, chomh maith le beagnach gach chomhalta den choiste. Tá sé ríthábhachtach go nglacfadh muid leis seo. Seo cheann de na leasuithe a raibh fadhb againn leis ar tús báire nuair a thosaigh muid leis seo agus gur scríobh muid chuig an gCeann Comhairle mar gheall air. Ní bhfuair muid an freagra sin go fóill. Táimid fós ag tnúth le freagra ón gCeann Comhairle maidir leis an dícheadú. Níl costas luaite in aon chor mar sin tá an ceart ag an Teachta Aindrias Moynihan gur 20% den 100% atá ann. Is sciar den bhuiséad atá ann agus is cosaint a bheas ann. Ba chóir go mbeadh sé 50:50 ach tá muidne ag rá go réalaíoch go mbeidh 20% ann.

Cad a bheadh Raidió na Gaeltachta in ann a dhéanamh le buiséad níos mó ón bhfógraíocht? Cad faoi na nuachtáin ar fad atá imithe go tóin, ar nós Anois, Inniú, agus a lán eile? Cad a bheadh tuairisc.iein ann a dhéanamh le sciar den bhfógraíocht ón Stát? Bheadh siad in ann breis iriseoirí a fhostú.

Chun léiriú cé chomh dona agus atá sé, ní gá ach féachaint ar cad atá tarlaithe le bliain anuas maidir le fógraíocht Covid ón HSE. Níl 20% nó fiú 5% den bhfógraíocht ón HSE i nGaeilge in aon áit agus sin an fhadhb. Go minic, nuair a thagann sé tagann sé i bhfad Éireann níos déanaí ná an chuid eile. Tá fadhb bunúsach ann mar sin. Ní hé go bhfuilimid ag lorg go mbeadh caiteachas sa bhreis do na comhlachtaí Stáit. Táimid ag lorg go mbeadh an Ghaeilge ann nuair atá siad ag smaoineamh ar bhuiséad d'fheachtas fógraíochta a bhíonn acu ar aon rud agus go mbeidh a fhios acu go mbeidh 80% de na fógraí, ar a mhéid, as Béarla. Bheadh an Ghaeilge fós sa tarna áit leis sin. Seo ceann de na leasuithe atá gach uile pháirtí sásta tacú leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.