Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 February 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 40:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach: "Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhoalt (6):
“(7) Ní ghlacfaidh an Príomh-Bhreitheamh aon duine chun cleachtadh mar abhcóide dlí sna Cúirteanna mura rud é, sula nglacfar an duine sin amhlaidh, gur deimhin leis an bPríomh-Bhreitheamh, de réir cibé fianaise a fhorordóidh an Príomh-Bhreitheamh, go bhfuil eolas inniúil ag an duine sin ar an nGaeilge: an choinníoll i gcónaí nach gcoiscfear ar an bPríomh-Bhreitheamh le haon ní san alt seo aon chomhalta a ghlacadh chun cleachtadh mar abhcóide dlí sna Cúirteanna, is comhalta ag a mbeidh seasamh trí bliana ag aon Bharra eile agus dár thug Cumann Onórach Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath céim mar abhcóide dlí de bhun socrú cómhalartach trínar féidir comhaltaí de Bharra na hÉireann a ghlacadh chun cleachtadh ag an mBarra eile sin.

(8) (a) I dteannta na scrúduithe atá luaite in alt 8 den Solicitors (Ireland) Act, 1898, údaraítear do Dhlí-Chumann na hÉireann agus, ceanglaítear orthu leis seo, céadscrúdú in ábhar na Gaeilge (dá ngairtear céadscrúdú sa Ghaeilge san Acht seo) agus dara scrúdú in ábhar na Gaeilge (dá ngairtear dara scrúdú sa Ghaeilge san Acht seo) a sheoladh uair amháin ar a laghad gach bliain, agus bainfidh na forálacha atá san alt sin 8 le gach scrúdú den sórt sin in ábhar na Gaeilge ar an modh céanna ar a mbainfidh siad leis na scrúduithe atá luaite san alt sin ach amháin nach ndéanfaidh ach scrúdaitheoirí a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire Oideachais na scrúduithe sin in ábhar na Gaeilge a stiúradh, agus go bhforordófar agus go stiúrfar gach dara scrúdú sa Ghaeilge ar shlí lena náiritheofar go mbeidh eolas inniúil ar an nGaeilge ag daoine a gheobhaidh pas sa scrúdú sin.

(b) D’ainneoin aon ní sa Solicitors (Ireland) Act, 1898, ní bheidh aon duine inchurtha faoi cheangal dintiúirí printíseachta chun seirbhís a thabhairt mar phrintíseach ag aturnae mura bhfuil deimhniú faighte aige nó aici ó Dhlí-Chumann na hÉireann á rá go bhfuil pas faighte aige nó aici i gcéadscrúdú sa Ghaeilge, agus ní ghlacfar aon duine ina aturnae nó ina haturnae mura mbeidh deimhniú faighte aige nó aici ó Dhlí-Chumann na hÉireann á rá go bhfuil pas faighte aige nó aici i ndara scrúdú sa Ghaeilge laistigh de bhliain roimh chríochnú théarma a phrintíseachta nó a printíseachta nó laistigh de bhliain roimh é nó í a ghlacadh amhlaidh.

(9) Aisghairtear fo-ailt (2), (3), (4), (5), (6), (7) agus (8) d’alt 1 agus alt 3 d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge), 2008.

(10) Aisghairtear míreanna 40 (2A) (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) den Acht Aturnaethe, 1954.

(11) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 31 Nollaig 2025.”.”.

Táimid ag déileáil le ceisteanna dlí arís. Is leasú cuibheasach fada atá i gceist. Rinneamar roinnt tráchta air seo an lá faoi dheireadh. Is é an rud atá i gceist ná go mbeadh ar dhaoine cumas sa Ghaeilge a bheith acu chun a bheith cáilithe mar dhlíodóir nó abhcóide, mar a bhíodh roimhe seo. Tharlaigh athrú ar an gcás sin in 2008. Fuair an Rialtas a bhí ann ag an am réidh leis an riachtanas sin. Gealladh seo, siúd agus uile. Níl an locht ar an Rialtas nár comhlíonadh na gealltanais sin ina n-iomlán. Tá an locht ar na cumainn dlí agus orthu atá ag cleachtadh an dlí. Rith siad ón nGaeilge, ón riachtanas sin agus ó aitheantas a thabhairt don Ghaeilge ó shin, seachas dream beag díograiseach atá ag triail déanamh cinnte go leanfar leis an seanchleachtadh a bhí ann go raibh Gaeilge ag dlíodóirí agus abhcóidí.

Tá daoine maithe ann. Tá ranganna ann agus níl aon duine ag caitheamh anuas orthu, ar an iarracht atá á déanamh iontu ná ar na díograiseoirí atá ag triail an méid a bhí i gceist ag an Rialtas a chomhlíonadh. Cosúil leis an leasú deireanach ar a raibh muid ag caint, áfach, tá i gceist leis an leasú seo go ndíreofar aird ar an ábhar sin agus go nglacfar céimeanna réasúnta. Tá coinníoll i gceist - bheadh ar gach uile dhlíodóir agus abhcóide leibhéal áirithe Gaeilge a bheith aige nó aici sula mbeidh sé nó sí cáilithe. Roimhe seo, bhí ar dhaoine Gaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta a bheith acu le freastal ar chúrsaí dlí in UCD agus sna hollscoileanna eile, seachas Coláiste na Tríonóide. Níl ar dhaoine í a bheith acu go fóill i roinnt de na hollscoileanna. Is féidir cúrsaí dlí a dhéanamh gan Gaeilge a dhéanamh don ardteistiméireacht in aon chor. Is féidir lena lán daoine díolúine a fháil. Is ceann de na fadhbanna é sin.

Amach anseo, dá mbeinn ag lorg abhcóide, ba chóir go mbeinn in ann iarraidh ar aon abhcóide seasamh ar mo shon agus go mbeadh sé nó sí in ann é sin a dhéanamh, is cuma sa tsioc más duine ciontach nó duine neamhchiontach mé, agus is cuma cén cás atá i gceist. Is í an fhadhb atá ann anois ná gur féidir leo a rá nach bhfuil Gaeilge acu, nach féidir leo an cás a thógáil agus go gcaithfidh mé dul chuig duine eile. Tá siad ag diúltú cásanna toisc nach féidir leo iad a ghlacadh toisc nach bhfuil caighdeán cuí acu mar níl aon choinníoll Gaeilge ann a thuilleadh. Níl aon riachtanas ann go mbeadh an Ghaeilge acu ar leibhéal lena mbeidh siad in ann cosaint a thabhairt do dhaoine nó cásanna a thógáil ar a son. Is fíor é sin ó thaobh dlíodóirí agus ó thaobh abhcóidí. Ó thaobh na teipe tubaistí atá tar éis tarlú maidir le leibhéil Ghaeilge sa chóras dlí, ba chóir dúinn filleadh ar an bport céanna a bhí ann ar dtús báire seachas fanacht leis an méid atá tar éis titim amach.

Insíodh don státchóras agus don Rialtas go dteipfeadh air go tubaisteach dá mbogfar sa treo seo. Dúradh linn ag an am go mbeadh gach rud ceart go leor agus go mbeadh dlíodóirí agus abhcóidí le Gaeilge den scoth againn má dhírítear áiseanna agus maoiniú sa treo seo. Dúradh linn go gcuideodh sé sin le fás na Gaeilge i measc dlíodóirí eile. Tá dlíodóirí, abhcóidí agus breithiúna ann a bhfuil Gaeilge den scoth acu. Bhí i gcónaí agus beidh i gcónaí toisc go dtagann a lán dóibh ó theaghlaigh a bhfuil Gaeilge líofa acu agus go bhfuil Gaeilge acu ó dhúchas dá bharr. Tá daoine eile ann, áfach, gur cuma sa tsioc leo agus nach bhfuil agus nach mbeadh spéis ar bith acu sa Ghaeilge. Dá mbeadh riachtanas ann do Ghaeilge ar leibhéal áirithe, bheadh seans éigin ag an bpobal atá ag éileamh na rudaí seo go mbeadh abhcóidí agus dlíodóirí in ann iad a fhreagairt as Gaeilge, rud nach bhfuil fíor i gcás gach dlíodóir agus abhcóide faoi láthair.

Nílim ag caitheamh anuas ar dhaoine atá tar éis cáilíochtaí a fháil thar lear agus teacht isteach sa tír. Táim ag caitheamh anuas ar an gcóras toisc nach bhfuil riachtanas orthu siúd atá tar éis dul tríd an gcóras oideachais poiblí ar feadh 14 bliain, atá tar éis freastal ar ollscoileanna sa tír seo agus céim dlí a dhéanamh agus atá ag cleachtadh sna cúirteanna. Níl aon riachtanas a chintíonn go bhfuil leibhéal áirithe de Ghaeilge labhartha acu chun go mbeadh siad in ann seirbhís a sholáthar don phobal trí Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.