Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 February 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 39:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach: "Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht

4.Leasaítear alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):
“(7) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn 'Acht 1961' Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961.
(b) Leasaítear alt 5 d’Acht 1961 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):
'(8) (a) Beidh an cumas ag aon duine cáilithe de réir an ailt seo Bunreacht na hÉireann a léamh agus a thuiscint ina iomláine sa dá theanga oifigiúla sula gceapfar é nó í ina Bhreitheamh nó ina Breitheamh den Chúirt Uachtarach.
(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le gach ceapachán a dhéanfar tar éis theacht i ngníomh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.'.".".

An rud atá sa leasú seo na foráil a chuirfidh critéar i bhfeidhm go mbeadh cumas sa Bhéarla agus sa Ghaeilge de dhíth ar aon duine a bheadh le ceapadh ina bhreitheamh nó ina breitheamh don Chúirt Uachtarach. Cén fáth go bhfuil sé sin tábhachtach? Is léir ón méid a dúirt an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh go bhfuil frith-Ghaelachas i bhfeidhm i gcúirteanna na hÉireann. Dúirt sí sin i gcaint a thug sí anuraidh agus is féidir teacht air sin. Fuair mé an t-eolas sin ó alt a foilsíodh ar tuairisc.ieach foilsíodh é i gceann de na hirisí dlíthiúla chomh maith. Dúirt sise go raibh frith-Ghaelachas i bhfeidhm i gcúirteanna na hÉireann agus ligtear dó sin nuair nach bhfuil ceannasaíocht ón mbarr á léiriú, ní hamháin go bhfuil stádas faoi leith ag an nGaeilge ach go bhfuil an Ghaeilge riachtanach chun ról tábhachtach i riar an chirt a chomhlíonadh.

Tá sé i gceist agam leis an leasú seo déanamh cinnte de go bhfuil an tosaíocht nó an ceannaireacht sin ag teacht ó na breithiúna sa Chúirt Uachtarach chomh maith le gach uile áit eile. Mar a mhínigh mé cheana leis na leasuithe eile, tá cinneadh déanta ag an Ard-Chúirt gur chóir go mbeadh cúirt in ann breitheamh le Gaeilge a chur ar fáil, más trí Ghaeilge atá na cúisí nó na páirtithe sa chás ag déanamh feidhmiú, agus bhí na leasuithe eile rialaithe as ord in ainneoin nach raibh muid ach ag déanamh iarracht an méid a tharlaíonn a dhéanamh soiléir i reachtaíocht. Ní chóir go mbeadh aon eisceacht ag baint leis an gCúirt Uachtarach. Sna cúirteanna ísle, bhí muid den tuairim gur chóir go mbeadh an stádas cuí tugtha don Ghaeilge ach táimid ag déanamh cinnte de sa leasú seo go bhfuil sé mar an gcéanna ó thaobh na Cúirte Uachtaracha de. Tá cothrom na Féinne ag teastáil ansin cheana agus sna cúirteanna níos isle ach go háirithe agus iad ag déanamh cinntí faoi fhianaise Ghaeilge agus leaganacha Gaeilge de reachtaíocht atá á phlé.

Caithfear tuiscint ceart a bheith acu ar reachtaíocht mar is sin atá á phlé go minic sa Chúirt Uachtarach. Pléitear tuiscint, míniú nó soiléiriú ar reachtaíocht, is é sin ná Billí atá achtaithe, an méid a ghabhann leo agus cad go díreach atá taobh thiar díobh. Muna bhfuil tuiscint ag duine ar an dá theanga agus muna bhfuil duine inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gceart agus ag an leibhéal is airde, éiríonn sé níos deacra míniú nó tuiscint a fháil ar reachtaíocht.

An chúis is tromchúisí ná gurb iad breithiúna na Cúirteanna Uachtaracha atá freagrach as an léamh agus an tuiscint deiridh a thagann ar Bhunreacht na hÉireann 1937. Ní hamháin gur doiciméad dhátheangach é seo agus go bhfuil tuiscint dhátheangach ag teastáil chun é a léamh go hiomlán, ach tá sé scríofa ann féin - in Airteagal 25.4.6° - go nglacfar leis an míniú Gaeilge má tá easaontas idir an Béarla agus an Ghaeilge. Tá leabhar mór millteanach thuas i m'oifig agam, agus b'fhéidir go bhfuil sé ag an Teachta Ó Cuív, ag tabhairt míniú ar na difríochtaí ar fad atá ann idir an téacs Gaeilge agus an téacs Béarla. Nuair a thosaítear ag féachaint air sin, tuigtear go díreach cé chomh dona is a bheadh cursaí dá mbeadh na breithiúna sa Chúirt Uachtarach ag glacadh leis an tuiscint ón téacs Béarla. Mar atá léirithe ag an Teachta Ó Cuív, tá sé deacair dóibh siúd nach bhfuil inniúil sa Ghaeilge an tuiscint Ghaeilge a fháil go simplí. Nuair atá reachtaíocht dhátheangach, d'fhéadfadh míniú agus coincheap difriúil a bheith i gceist nuair a athraítear focal amháin, ach go háirithe nuair atá imeacht ama i gceist. Ó thaobh imeachta ama de, rud a scríobhadh sna 1950idí-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.