Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 2 February 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 21:

I leathanach 9, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht

4.Leasaítear alt 5 den Phríomh-Acht trí “, agus a chur faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge,” a chur isteach i ndiaidh “gach Teach den Oireachtas”.”.

Tá an leasú seo á phlé le leasuithe Uimh. 174 agus 182.

Is rud cuíosach simplí atá i gceist anseo agus lorgaím é ina lán Billí a dhéanaim iarracht iad a leasú. Ní amháin gur chóir go mbeadh pé coiste atá ag déileáil leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar an eolas ach ba chóir go mbeadh dualgas agus freagracht ag an gcoiste sin déileáil le nithe a thagann os a chomhair. Sa chás seo, bheadh ar an Aire an tuairisc agus aon cheapacháin agus a leithéid a chur faoi bhráid an chomhchoiste.

Déanfar an rud céanna i leasuithe Uimh. 174 agus 182, a chinnteodh go mbeadh an plean náisiúnta agus tuairisc an choiste comhairleach faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Tá sé sin san Acht cheana féin agus tá sé sin ceart go leor, ach níl aon dualgas reachtúil ar choistí san Oireachtas déileáil le hobair ach amháin má chuireann an Dáil nó an Seanad ar aghaidh chucu é. Seachas sin, an rud a tharlaíonn uaireanta ná go gcuirtear tuairisc bhliantúil nó a leithéid faoi bhráid an Oireachtais agus bíonn 21 lá i gceist sula mbíonn sé foirfe. Bíonn sé i Leabharlann an Oireachtais ach ní gá i gcónaí go dtiocfadh sé os comhair an chomhchoiste Gaeilge. Go bhfios dom, caithfidh tuairisc an Choimisinéara Teanga teacht faoi bhráid an choiste chuile bhliain. Taispeánann sé sin go dtugtar dualgais áirithe do na coistí.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh theacht isteach ar an gceist sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.