Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 2 February 2021
Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Gnó an Roghchoiste
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba chóir dúinn cruinnithe a bheith againn aon lá eile atá ar fáil freisin. Faoi láthair níl ann ach an Mháirt do na coistí.
Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit atá freagrach don Ghaeltacht, spóirt agus cosaint, an Teachta Chambers, agus roimh a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officioden roghchoiste é an tAire Stáit agus, mar sin, cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála. Tá leithscéal faighte agam ón Teachta O’Dowd.
Meabhraím do chomhaltaí an gá cloí leis an achar sóisialta, fóin a bheith múchta agus gan bogadh timpeall más féidir.
Tionóladh an cruinniú seo chun athbhreithniú a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Is féidir liom a bheith sa Chathaoir agus na leasuithe a ghlacadh ach tá sé níos éasca nuair nach bhfuil mé sa Chathaoir. Má thagann an Leas-Chathaoirleach, an Teachta Calleary, isteach, cuirfidh mé ceist air an Chathaoir a ghlacadh arís.
No comments