Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 29 January 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Baineann leasuithe 14 go 17, go huile, le ceann comhlachta phoiblí a cheapadh. Níl sé i gceist agam glacadh leis na leasuithe seo.

Baineann leasú Uimh. 14 leis an bhfocal "déanfaidh" a chur in áit "féadfaidh". Níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú seo i láthair na huaire mar go bhfuil mé sásta leis an bhfoclaíocht atá luaite sa Bhille cheana féin agus toisc gur gá solúbthacht a bheith ann ar an ábhar.

Maidir le leasuithe 15 agus 17, tá próiseas earcaíochta leagtha síos chun daoine a cheapadh agus ní bheadh sé i gcónaí réalaíoch an próiseas sin a chur i gcríoch laistigh de ceithre seachtaieí, mar atá molta sna leasuithe seo. Tógann sé i bhfad níos faide ná 28 lá an próiseas a chur i bhfeidhm mar bíonn an fógra thuas ar an suíomh idirlín www.publicjobs.iear feadh coicíse ar a laghad agus ansin bíonn tréimhse choicíse ann d’iarrthóirí cur isteach ar an bpost. Déanann an fhoráil mar atá sé cinnte de gur féidir leis an Rialtas duine a ainmniú chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críocha an Achta más gá. Is foráil chaighdeánach é seo agus is rud eisceachtúil a bheadh ann dá gcaithfí é a úsáid. Ní tharlódh sé seo ach go fíorannamh, dá dtarlódh sé ar chor ar bith. Táim sásta go bhfuil an chumhacht mar atá sé leagtha amach sa Bhille sásúil. Mar sin, nílim chun glacadh le leasuithe Uimh. 14, 15 agus 17.

Maidir le leasú Uimh 16, tá tosach feidhme forálacha clúdaithe in alt 13 an Bhille seo. É sin ráite, ní fheicim aon bhac le tús a chur leis an bhforáil seo chomh luath agus atá an Bille achtaithe. Mar sin, táim sásta féachaint ar an leasú seo agus de bharr sin b’fhéidir go mbeadh an Teachta sásta é a tharraingt siar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.