Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 29 January 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 11:

I leathanach 9, idir línte 1 agus 2, an méid seo a leanas a chur isteach: “ciallaíonn ‘foirm oifigiúil’ foirm ar bith, lena n-áirítear foirm chruachóipe agus foirm ar líne, arna déanamh ag comhlacht poiblí, nó thar a cheann, a bheidh le comhlánú ag duine, lena n-áirítear duine dlítheanach nach ball den Stát é nó í, nó thar ceann duine den sórt sin;”.

Sula gcríochnaím leis an leasú seo, ba mhaith liom a rá go bhfuil sé de dhualgas ar an Stát an dlí a chur i bhfeidhm. Má tá sé dlíthiúil go mbeadh foirmeacha as Gaeilge mar atá leagtha síos ag na cúirteanna, tá sé seafóideach gur gá dúinn leagan síos i reachtaíocht gur sin mar ba chóir. Áfach, sin mar atá toisc gur theip orainn i gcoitinne sa Stát seo an dlí a chur i bhfeidhm agus deis a thabhairt dúinn an Ghaeilge a úsáid. Tá mé sásta go bhfuil plé le bheith againn faoin gceist seo agus dá réir agus go bhfuilimid chun bogadh i dtreo dualgais a bheith ar an Aire seachas go bhféadfadh dualgas a bheith ar an Aire agus nach mbeadh ga dó nó di forordú a dhéanamh cás i ndiaidh cáis, mar a dúirt Pádraig Ó Laighin nuair a thug sé óráid dúinn sa choiste. Ní chóir go mbeadh ar an Stát forordú a dhéanamh ar chás i ndiaidh cáis. Ba chóir go mbeadh sé uathoibríoch agus go mbeadh a fhios ag gach uile chuid den státchóras go bhfuil gá dóibh na foirmeacha a fhoilsiú i nGaeilge nó go dhátheangach.

Leis sin ráite, tarraingeoidh mé leasú Uimh. 11 siar ag an staid seo toisc go bhfuil mé ag tnúth leis an bplé a bheidh againn ar leasú níos láidre a thairiscint ionas go mbeidh an Bille níos láidre dá réir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.