Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 22 January 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Déantar iarracht sna trí leasú seo as a chéile, leasuithe Uimh. 1 go 3 a huile, leasú a dhéanamh ar Theideal Fada an Phríomhachta. Bhí sé deacair ar oifigigh Oifig na mBillí féachaint air seo mar níor chuimhin leo athrú dá leithéid cheana. Tá sé beagáinín ceangailte leis an méid a bhí á rá againn i dtaobh leasú Uimh. 1. Is féidir an bun-Acht agus a bunfheidhm a athrú nó is féidir soiléiriú a thabhairt ar an mbunfheidhm sin, agus is é sin atá á lorg agam tríd leasú Uimh. 2. Déileálfaidh mé le leasú Uimh. 3, atá dícheadaithe freisin, chomh maith agus ansin déileálfaimid le leasú Uimh. 4, atá in ord.

Is iarracht é seo breithiúnas a rinne an Príomh-Bhreitheamh, an Breitheamh Onórach Hugh Kennedy, an chéad Ard-Aighne agus polaiteoir de chuid Chumann na nGael, in 1934 a chódú i reachtaíocht. Thug sé an breithiúnas sin i gcás Ó Foghludha v.McClean. Dúirt sé, ós í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil, tá sé de dhualgas ar an Stát gach a dhéanamh laistigh dá raon gníomhaíochta chun í a bhuanú agus a chaomhnú ina stádas mar theanga náisiúnta agus í a aithint mar theanga áisiúil chun gach críoch oifigiúil. Ba é an rud a bhí i gceist agam ná "gach" a chur isteach seachas "críche oifigiúla" amháin chun nach mbeidh Rialtas ná Aire ábalta a roghnú cén críocha oifigiúla a bheadh i gceist. Toisc nach bhfuil sé sa Teideal, ba mhaith liom a chur isteach go bhfuil gach uile cheann i gceist agus go mbeadh an Teideal ina chur síos ar bhunphrionsabail an Achta. Ní bheimid in ann a rá go mbeidh tionchar mór ag an leasú seo ach glactar leis faoi láthair, faoin Teideal mar atá, go bhfuil dualgais shoiléire san Acht úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críche oifigiúla sa Stát. Aontaímid leis sin, dar ndóigh, ach táimid ag iarraidh dul chun tosaigh air sin.

Ina leabhar, Acht na Gaeilge – Acht ar Strae: Léirmheas ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2003, a foilsíodh i ndiaidh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, míníonn an Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin go mbeadh gach críoch oifigiúil i gceist, is é sin le rá, nár chóir go mbeadh aon phrionsabal de chuid den Stát riamh ag cur i gcoinne cur chun cinn úsáid na Gaeilge. Ní cóir go mbeadh úsáid na Gaeilge srianta go críoch amháin, mar sin, ní bheadh sé i gceist sa tsochaí go ginearálta dá dtacódh an Stát leis an nGaeilge an méid is a thacaíonn sé le húsáid an Bhéarla. Léiríonn an fhoclaíocht seo an fhealsúnacht atá sa dlí cheana féin de réir an bhreithiúnais chúirte sin agus meon an roghchoiste seo de réir Bunreacht na hÉireann, ina gcuireann Airteagal 8 an Ghaeilge chun cinn mar phríomhtheanga oifigiúil. Gan an focal "gach" a bheith istigh ann, tá an cuma ar an scéal go bhfuil cead ag an Stát polasaithe a leanúint ina mbeadh céim siar ar úsáid na Gaeilge molta, nó ina gcuirtear faoi bhrú í mar thoradh. Ní cóir go mbeadh cead ag an Stát é sin a dhéanamh, go háirithe agus an Ghaeilge i mbaol faoi láthair.

Mar a dúirt Pádraig Mac Fheargusa ina aighneacht, a leagadh amach ar leathanach 124 de tuarascáil na bliana 2018, "Má tá straitéis i leith an Ghaeilge agus an Ghaeltacht á cothú ag an stát, níor cóir go gcealódh ná go lagódh aon reachtaíocht nua an stratéis sin, de thaisme nó d'aonturas." Is é sin atá i gceist. Is cinntiú atá i gceist seachas aon rud eile. Táimid ag déanamh cinnte go bhfuil gach uile ghné den Stát gafa le cur chun cinn na Gaeilge agus nach dtógfaidh siad aon chéim siar.

Tá leasú Uimh. 2 as ord de bharr costais nó ioncaim agus tá leasú Uimh. 3 as ord toisc nach luíonn sé le forálacha an Bhille féin, rud atá ait agus muid ag caint faoin nGaeilge a chosaint sa státchóras agus cur chuige níos fearr a bheith ann ó thaobh an státchórais agus ceart. Dúradh sna leasuithe "CHUN COMHIONANNAS CEART AGUS PRIBHLÉIDÍ COMHIONANNA A CHOTHÚ MAIDIR LE hÚSÁID TEANGACHA OIFIGIÚLA, GO hÁIRITHE MAIDIR LENA nÚSÁID IN IMEACHTAÍ PARLAIMINTE". Tiocfaimid ar ais chuig an gceist a éiríonn as sin. Sa Dáil, níl sé de cheart agam, nó ní féidir liom, an Ghaeilge a úsáid i ngach uile ghné de mo ghnó parlaiminte. Tá an cás seo iontach - foilsíodh an Bille i nGaeilge agus bhí mé in ann leasuithe a chur isteach i nGaeilge. Foilsíodh gach Bille eile i mBéarla amháin agus níl cead agam leasuithe a chur isteach i nGaeilge. Mar sin, ní féidir liom an Ghaeilge a úsáid. Níl na nótaí míniúcháin ná an reachtaíocht foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna. Fiú agus muid ag cur isteach leasuithe - agus is léiriú é seo - bhí orainn roinnt leasuithe a chur isteach i mBéarla toisc nach raibh an bunreachtaíocht ar fáil i nGaeilge fós, mar shampla Acht maidir leis an nGarda Síochána. Bhí orm casadh ar an mBéarla, cé nach bhfuil sé i gceist agam é sin a dhéanamh, chun go mbeadh sé soiléir cad a bhí i gceist agam sa reachtaíocht sin.

Tharla sé seo dom cheana. Bhí mé ag iarraidh leasú a mholadh d'Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2006 nuair a bhí athrú á dhéanamh ar an choinníoll Gaeilge ná an dualgas ó thaobh na Gaeilge ach ní raibh cead agam é sin a dhéanamh toisc go raibh sé i mBéarla. Bhí mé ag iarraidh a bheith réasúnta. In argóintí le hAirí difriúla thar na blianta mhol mé go bhfoilseodh, ar a laghad, na meamraim míniúcháin as Gaeilge. Níl aon stádas dlíthiúil acu agus, mar sin, ní gá ach aistriúchán a dhéanamh orthu. Bheadh siad mar áis dom agus d'aon Teachta eile mar bheadh an fhoclaíocht againn ó thaobh cad atá i gceist sa reachtaíocht. Thug an t-iarAire, Joan Burton, geallúint dom go dtarlódh sé sin nuair a bhí mé ag tógáil raic maidir le reachtaíocht nach raibh ar fáil i nGaeilge agus í ag iarraidh í a thógáil isteach níos tapa ná ba chóir toisc nach mbeadh sé aistrithe in am. Thuig mé a cás mar bhain an reachtaíocht leis an minimum wage. Ní raibh mé chun moill a chur ar ardú sa minimum wage ach bhí prionsabal eile taobh thiar de. Bhí an Rialtas ag rá go raibh sé ceart go leor moill a chur le haistriúchán an Bhille in ainneoin na geallúna a thug sé.

Tá éacht á dhéanamh ag an dream a dhéanann aistriúcháin sna Tithe agus a aistríonn Achtanna. Is léir ón bhfadhb a bhí againn maidir leis na leasuithe a moladh don Bhille seo gur jab mór agus jab tábhachtach é.

Dúradh go dtógfadh sé cúig bliana roimh a bheidh gach uile phíosa reachtaíochta atá againn aistrithe go Gaeilge. Tá fadhb dhlíthiúil ansin. Bhí mé ar chlár Raidió na Gaeltachta inné agus bhí abhcóide ar an gclár ag rá go bhfuil sé scanrúil go bhféadfadh roinnt de na cásanna atá os comhair na gcúirteanna faoi láthair a bheith caite as an gcúirt toisc nach bhfuil an bunreachtaíocht ar fáil i nGaeilge, de réir bhreithiúnas a thug an Breitheamh Adrian Hardiman. Measaim gur in 2004 a rinne sé an cinneadh sin agus dúirt sé dá dtiocfadh aon rud mar sin os a chomhair go gcaithfeadh sé amach láithreach é. Tá fadhb ansin mura bhfuil an reachtaíocht aistrithe agus an bealach is éasca déileáil leis ná i mbealaí eile. Sin atá i gceist le comhionannas san obair parlaiminte atá á dhéanamh againn.

Is féidir liom samplaí eile a thabhairt d’áiteanna gur sórt afterthought a bhíonn sa Ghaeilge go minic sa chomhrá a bhíonn againn ó thaobh na parlaiminte de agus ó thaobh cleachtais pharlaiminte agus a leithéid. Ní hé go bhfuil naimhdeas ann nó go bhfuil daoine á gcur ina coinne, ach go ndéanann siad dearmad uirthi. Má tá na rudaí seo leagtha síos go beacht agus go dlíthiúil, b’fhéidir go n-úsáidfaidh roinnt den chóras i gcoitinne í. Sin a bhí i gceist leis na leasuithe a dícheadaíodh. Tuigim nach bhfuil nóta ag an Aire Stáit fúthu. Mar a dúirt mé níos luaithe, impím ar na daoine sa Roinn agus ar an Aire Stáit féachaint ar cad atá i gceist leo. Más féidir leo in aon chor, iarraim orthu féachaint ar an bhfoclaíocht agus a leasú féin a chur isteach ar Chéim na Tuarascála nó sa Seanad chun déileáil leis na bearnaí atá sa reachtaíocht go dtí seo agus na bearnaí sa chosaint do Ghaeilgeoirí mar níl sé maith go leor ag an bpointe seo. Chuideodh sé linne dá gcuirfeadh an tAire Stáit leasú isteach mar is féidir leis é sin a dhéanamh nuair atá ceist airgeadais i gceist ach ní féidir liomsa. Sin ceann de na fadhbanna atá ann agus tá sé go maith sa chás seo go bhfuil an Leas-Chathaoirleach sásta deis chainte a thabhairt dúinn ar na leasuithe atá dícheadaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.