Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 22 January 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is cúis áthais dom tús a chur leis an bplé ar Chéim an Choiste agus díospóireacht a oscailt ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 anseo inniu. Cuirim fáilte ó chroí roimh an díospóireacht agus roimh mholtaí na mball maidir leis an mBille.

Cé gur fáiltíodh roimh an Bhille nuair a foilsíodh é, bhí roinnt mhaith ag maíomh gur theastaigh Bille níos láidre, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge ina measc. Bhí sé seo aitheanta ag an Rialtas agus ghealladh sa chlár Rialtais go dtabharfaí Bille níos láidre chun cinn. Tá tacaíocht an Rialtais faighte agam féin agus ag an Aire, an Teachta Catherine Martin, roinnt leasuithe a mholadh chuige sin agus ba mhaith liom iad sin a chur i láthair an choiste inniu.

Ba é an cáineadh is mó a rinneadh ar an mBille mar a bhí ná go raibh easpa spriocdhátaí luaite le cuid de na beartais. Tá iarracht déanta dul i ngleic leis sin anois agus na leasuithe seo á moladh: an coiste comhairleach reachtúil um sheirbhísí le bunú tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an Bhille a bheith achtaithe; an plean náisiúnta ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú le bheith ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis a bhunaithe; agus 20% d’earcaigh nua do chomhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge tráth nach déanaí ná 2030.

Chomh maith leis seo, teastaíonn ón Rialtas cumhacht bhreise a thabhairt don Choimisinéir Teanga chun faireachán a dhéanamh ar fhorálacha in achtacháin eile a bhaineann le húsáid nó le stádas teanga oifigiúil agus tráchtaireachtaí a sholáthar ina leith. Faoi láthair, tá an chumhacht seo ag an gcoimisinéir maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 amháin, cé go bhfuil sé in ann imscrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh achtacháin eile nuair a fhaigheann sé gearán ón bpobal. Is dul chun cinn a bheadh anseo agus chuideodh sé go mór le comhlachtaí poiblí a gcuid dualgais ó thaobh na teanga de a chomhlíonadh.

Agus muid i lár na paindéime Covid-19, tá cleachtadh ag formhór againn bheith ag cianoibriú ón mbaile agus ag baint leasa as aipeanna éagsúla le haghaidh cruinnithe. Tá teicneolaíocht againn sa lá atá inniu ann nach raibh ar fáil sa bhliain 2003 nuair a tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla agus d'fhéadfadh comhlachtaí poiblí roinnt seirbhísí a chur ar fáil go fíorúil nó ar líne dá bharr. Taispeánann Covid-19 linn go bhfuil comhlachtaí poiblí in ann roinnt seirbhísí a chur ar fáil ar bhealach difriúil agus na hathruithe chuige sin a dhéanamh go sciobtha. Feiceann muid anseo inniu go bhfuil muid féin ag baint úsáide as an teicneolaíocht chun an cruinniú seo a chur ar bun. Creidim go láidir go mbeidh na comhlachtaí poiblí in ann glacadh leis na dualgais bhreise a bhaineann leis an mBille seo agus iad a chur i bhfeidhm ar bhonn éifeachtach.

Rinneadh an-obair ar an mBille seo agus ar na leasuithe faoinár mbráid inniu – cinn an Rialtais agus cinn an Fhreasúra araon. Fuair mo Roinn ionchur ó réimse leathan de gheallsealbhóirí agus táim cinnte go ndearna Teachtaí an Fhreasúra an rud céanna. Aithním an obair agus an taighde atá déanta ag Teachtaí chun a gcuid leasuithe a thabhairt chun cinn. Léiríonn sé seo go bhfuil spéis ar leith acu san ábhar. Tar éis dom grinnstaidéar a dhéanamh orthu uilig, beidh mé sásta breathnú níos géire ar roinnt acu agus féachaint an mbeidh muid in ann foclaíocht a aontú sa chaoi is go mbeifear in ann iad a thabhairt ar ais le bheith faofa ar Chéim na Tuarascála.

Aontóidh an coiste liom nuair a deirim go bhfuil achtú an Bhille seo ríthábhachtach don Ghaeilge mar cuideoidh sé leis na hiarrachtaí atá ar bun ag an Stát agus ag an bpobal an Ghaeilge a láidriú agus a neartú don chéad ghlúin eile. Má chuirtear i bhfeidhm i gceart an reachtaíocht seo, táim muiníneach go mbeidh seirbhísí Gaeilge d'ardchaighdeáin ar fáil do phobal na Gaeilge. Ní tharlóidh sé seo thar oíche, dár ndóigh, ach cuireann an Bille seo bunsraith reachtúil faoi struchtúir nua sa Státchóras le dul i ngleic leis na laigí atá ann faoi láthair. Don chéad uair riamh, beidh mo Roinn féin - an Roinn a bhfuil forbairt na Gaeilge ag croílár a cuid feidhmeanna – i lár an aonaigh mar a bhaineann sé le hearcaíocht don tseirbhís phoiblí. Táim ag caint, dár ndóigh, faoin gcoiste náisiúnta reachtúil a bheidh le bunú nuair a achtófar an reachtaíocht seo agus ag caint chomh maith faoin bplean náisiúnta a bheidh le foilsiú agus le cur i bhfeidhm ag an gcoiste náisiúnta, rud a thabharfaidh leibhéil trédhearcachta nach raibh ann riamh do na hiarrachtaí a bheidh ar bun cur leis an líon daoine le Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Táim ag caint freisin faoin tuairisciú a bheidh le déanamh chuig an Rialtas agus chuig an Oireachtas maidir le cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta.

Tagann an Bille seo sna sála ar chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta, 2012, reachtaíocht a chuir bunsraith faoin bpróiseas pleanála teanga sna limistéir phleanála teanga Gaeltachta, sna bailte seirbhíse Ghaeltachta agus sna líonraí Gaeilge. Tá an próiseas sin faoi bhláth anois agus cuirfidh achtú an Bhille atá faoinár mbráid píosa eile de bhunsraith na pleanála teanga in áit – an chuid sin a bhaineann le seirbhísí poiblí d’ardchaighdeán i nGaeilge a chur ar fáil do na pobail sin. Is le dóchas atáim ag caint leis an gcoiste inniu mar sílim go bhfuilimid ag cur na struchtúr cuí, struchtúir láidir teanga, in áit le dul i ngleic leis na deacrachtaí atá againn agus go bhfeicfimid feabhas ag teacht ar chúrsaí thar thréimhse ama dá bharr. Sílim gurb é seo an bealach stuama le tabhairt faoi. Níl aon réiteach sciobtha ann, i mo thuairim, agus sílim go bhfuil dul amú ar aon duine a deir go bhfuil a leithéid ann.

Gabhaim buíochas leis na baill as ucht an obair atá déanta acu agus na leasuithe atá molta acu. Tá mé ag súil leis an bplé agus tá súil agam go mbeidh muid ar fad in ann tacú le Bille láidir a chur chun cinn agus a achtú chomh luath in Éirinn agus is féidir. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.