Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 22 January 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Roghchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo chuid féin a rá faoi mar Theachta seachas mar Chathaoirleach. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív maidir le Céim na Tuarascála mar gur féidir na leasuithe a chur isteach agus iad a bheith dícheadaithe arís, mar is an riail cheannann céanna a bheadh i gceist mura mbeidh soiléiriú déanta san idirlinn. Is é an príomhrud ba chóir dúinn a fháil - ní gá é a fháil inniu ach é a fháil roimh dheireadh Chéim an Choiste – ná go bhfuil soiléiriú déanta an bhfuil an ceart ag Eoghan Finn sa mhéid a chur sé in ár láthair, rud a rinne sé sa chruinniú chomh maith agus an féidir linn rialú a fháil ón gCeann Comhairle nó ó Chléireach na Dála seachas go gcuirfimid moill ar an obair seo. Ní dóigh liom go bhfuil aon duine ag iarraidh moill a chur mar táimid ag fanacht rófhada air seo.

Is é an rud a tháinig chun cinn sa chruinniú sin, agus b’fhéidir go smaoineoidh pé duine a bheidh sa Chathaoir ar an lá agus ag an am a bheidh na moltaí seo, mar is é sin atá ann, á phlé, ní gá leis an gCathaoirleach glacadh leis an moladh go bhfuil leasuithe dícheadaithe. D’fhéadfainn glacadh le haon leasú atá anseo, má tá mise sa Chathaoir, agus a rá go ndéanfaimid é a phlé. Ní bheadh an tAire ullamh dó sin mar ní bheadh nótaí aige ach is sé sin ceann de na cearta atá ag Cathaoirleach. Thar na blianta le linn dom a bheith anseo ní cuimhin liom é sin ag tarlú riamh ach is cuimhin liom leasuithe a bhí dícheadaithe a bheith á bplé mar chuid den phlé i gcoitinne leis an Roinn sin. Ní hé go bhfuil díospóireacht á scrios agam maidir leis na leasuithe seo atá os ár gcomhair agus ba chóir dóibh siúd atá ag cur na leasuithe sin chun cinn an deis sin a thapú nuair a thagaimid go dtí an t-alt sin agus déileáil ar a laghad chun a cheist a thógáil. Mura nglactar leis an gceist sin, ní gá agus ní bheidh cead acu leasú a chur isteach ar Chéim na Tuarascála. Chun go mbeidh cead ag comhaltaí leasú a chur isteach ar Chéim na Tuarascála caithfidh an cheist a bheidh ag an gcomhalta a bheith pléite nó ardaithe ar Chéim an Choiste. Tuigeann na comhaltaí é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.