Oireachtas Joint and Select Committees

Friday, 22 January 2021

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Roghchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Dúirt an iar-Theachta Tony Gregory liom i gcónaí go mbeinn deireanach don réabhlóid, nuair a bhí sé i mo mhúineadh tamall maith de bhlianta ó shin. B’fhéidir go raibh an ceart aige ach measaim nach dtosóidh aon réabhlóid ar maidin.

Tá triúir Teachtaí Dála i láthair againn agus mar sin is féidir linn an cruinniú a thosú. Leanfaidh an seisiún seo den chruinniú ar aghaidh go dtí meán lae agus ag an am sin cuirfear an cruinniú ar fionraí go dtí 3.30 p.m. tráthnóna inniu. Leanfaidh an dara seisiún ar aghaidh go dtí 5.30 p.m. Mura bhfuil ár mbreithniú ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 críochnaithe againn ag an am sin, cuirfear an coiste ar athló sine die.

Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an Aire Stáit atá freagrach don Ghaeltacht, spórt agus cosaint, an Teachta Jack Chambers. Sin an teideal atá aige ar aon chaoi, cé go dúradh liom inné nach bhfuil dualgais cosanta aige. Tá fáilte roimhe agus a chuid oifigeach, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officioden roghchoiste é an tAire Stáit agus mar sin cuirfear san áireamh é agus muid comhaireamh córam agus aon liosta vótaí. Gabhaim buíochas leis as a bheith i láthair linn. Níl leithscéal faighte againn ó aon duine.

Meabhraím do chomhaltaí an gá cloí leis an achar sóisialta 2 m le linn an chruinnithe. Tá go leor spás againn anseo so más mian le daoine bogadh timpeall, beimid anseo ar feadh an dá uair an chloig nó mar sin. Iarraim ar Theachtaí gan suí in aon suíochán ach amháin iad siúd atá curtha ar fáil dóibh. Mura gcloímid leis an riail seo cuirfear isteach ar éifeacht na gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Chomh maith céanna, tá sé i gceist agam an cruinniú a chur ar athló má tá daoine ag suí i gcathaoireacha nó suíocháin nach bhfuil leagtha amach dóibh.

Tionóladh an cruinniú seo chun breithniú a dhéanamh ar Chéim 3, Céim an Choiste sa Dáil, ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Sula rachaimid ar aghaidh tá dhá mhír comhfhreagrais. I gcomhfhreagras Uimh. F095 ó Eoghan Finn, cuntóir parlaiminte, dar dáta 21 Eanáir 2021, iarrtar orainn mar roghchoiste gan glacadh leis na dícheaduithe atá molta don Chathaoirleach i gcomhair Chéim an Choiste de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 sa Dáil ag Oifig na mBillí mar fait accompliach an scóip míchruinn a dhiúltú, agus go dtabharfaidh an roghchoiste féin faoi aon cheadú agus dícheadú a bheidh i gceist mar atá sa Bhuan-Ordú cuí ar an gcéad dul síos. Moltar dúinn litir a sheoladh chuig Oifig na mBillí ag léiriú go bhfuil an scóip níos leithne ná mar a bhí curtha san áireamh ag an oifig sin agus comhairle a lorg uaithi maidir le cé na leasuithe a bheadh in ord bunaithe ar an scóip atá le feiceáil sa teideal cuí, nó litir a sheoladh chuig an gCeann Comhairle chun réiteach a chur le chéile ionas nach dtarlódh an t-athrú bhrí seo arís amach anseo le linn dó scóip Bhillí eile a bheith á n-ullmhú, nó chun a chinntiú go mbeadh scóip shoiléir tugtha do Theachtaí Dála roimh ré sula gcuireann siad leasuithe isteach.

Tá an dara píosa comhfhreagrais gafa leis seo chomh maith agus déileálfaidh mé leis sin ag an am céanna. Is é sin an comhfhreagras Uimh. F096 ó Theachta Daly dar dáta céanna, 21 Eanáir 2021. Iarrtar orainn, bunaithe ar an méid atá sa chomhfhreagras ó Eoghan Finn, gur mhaith leis rún a chur ar chlár ionas gur féidir leis an roghchoiste é a phlé ar an 22 Eanáir, is é sin go bhfuil comhfhreagras ó Eoghan Finn faighte agus léite ag an roghchoiste a thugann faoi deara go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha ardaithe aige agus go dtabharfaidh an roghchoiste treoir don Chathaoirleach scríobh chuig Oifig na mBillí agus freagra a fháil uathu ar na ceisteanna a ardaíodh sa chomhfhreagras sin, chomh maith le soiléiriú faoi chur i bhfeidhm na mBuan-Orduithe a bhaineann le ceadú agus dícheadú leasuithe sula ndéanfar aon leasú ar an mBille sa roghchoiste. Tá an tairiscint sin faighte ón Teachta Daly. Déanfaimid plé air sin ar dtús mar tá sé ina chuid den chomhfhreagras agus baineann sé leis an obair atá ar siúl againn inniu. Ar mhaith leis an Teachta Daly aon rud a rá nó an bhfuil go leor sa rún féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.