Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 December 2020
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Plé
Ms Cynthia Ní Mhurchú:
Sin nod ón iarmhúinteoir. Táim anseo chun mo chuid tuairimí a roinnt leis an gcoiste faoi na leasuithe atá molta agus faoi na leasuithe gur chóir a bheith ann sa Bhille seo. Is cosúil go bhfuil an coiste tinn tuirseach de bheith ag caint faoi na leasuithe atá ag teastáil, ach mar sin féin tá obair mhór déanta agus fós le déanamh agus le cur i gcrích. An ceann scríbe atá uainn ar fad ná cinnteacht a bheith ann go mbeadh seirbhísí phoiblí dhátheangacha ar fáil do phobal na Gaeltachta agus do phobal na Gaeilge agus chomh luath in Éirinn agus is féidir. Cuirim béim ar an bhfocal "luath" mar bhí An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ann agus seo straitéis atá i bhfad ró-fhada agus go mb'fhéidir go bhfuil imithe ó smacht ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, cé go bhfuil go leor dea-thoil agus dea-oibre taobh thiar de. Tá straitéis 20 bliain i bhfad ró-fhada. Tá deich mbliana idir seo agus 2030 agus tá sin i bhfad ró-fhada.
Is duine mé den bheirt atá anseo chun ár dtuairimí a nochtadh sula rachaidh an Bille seo faoi bhráid Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Dáil i gcomhair Céime an Choiste. Chomh maith le Liam Mac Cóil, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis an gcléireach cuireadh a thabhairt dom a bheith anseo agus don deis cluasa polaiteoirí a fháil agus greim a bhreith ar na cluasa sin.
Dúirt an Cathaoirleach fúm gur saineolaí mé ó thaobh na Gaeilge de nó ó thaobh an dlí de. Ba mhaith liom é a cheartú. Ní saineolaí mé ar aon ní ach amháin go bhfuil taithí agam ar an saol agus go bhfuil tuairimí agam faoin saol seo ag an bpointe seo i mo shaol mar go bhfuil cúpla saol caite agam ó a bheith ag craoladh agus ó a bheith ag cleachtadh sna cúirteanna dlí. Tá taithí agam ó mo shaol pearsanta mar mháthair chomh maith agus ó a bheith ag féachaint ar bheirt dhuine óg i mo chlann, Rachel agus David, atá tar éis fás aníos le Gaeilge agus gan Ghaeilge, ní i dteach lán-Ghaelach ach a d'fhreastail ar scolaíocht trí Ghaeilge agus atá in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anois.
Tá an Ghaeilge go smior ionam, cé nach bhfuil sí agam ó dhúchais. Tá sí an-ghar do mo chroí ó bhí mé an-óg mar pháiste agus, mar a dúirt mé, ó bhí mé ag craoladh agus ag cleachtadh dlí agus mar sin de. Tá sé ráite ag an gCathaoirleach, agus is minic go bhfuil sé léite agam ó a bheith ag léamh faoi obair an choiste seo, nach féidir leis an nGaeilge mar theanga beo ná ní féidir le pobal na Gaeilge nó pobal na Gaeltachta fanacht deich mbliana eile. Is cinnte go bhfuil an ceart aige. Ní féidir fanacht deich mbliana eile go dtí go mbeidh tús curtha leis an bpróiseas seirbhísí dhátheangacha a chur ar fáil. Táimid ag caint faoi sheirbhísí dhátheangacha ó a thosaigh mé amach ag craoladh nuair a bhí mé thart ar 20 bliana d'aois agus tá sé sin i bhfad ó shin. Dúirt an Cathaoirleach freisin nach bhfuil an Bille, mar atá sé molta ag an Aire faoi láthair, oiriúnach don aidhm atá aige, agus má sheolfar ar aghaidh é gan na leasuithe cuí, beidh deis mhór caillte againn cosaint cheart a dhéanamh ar an nGaeilge.
Is minic a chuala mé an focal "deis" i saol na Gaeilge ó thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge agus ó thit mé i ngrá leis an nGaeilge. Is minic a chuala mé go bhfuil an Ghaeilge caillte agus ar tí bás a fháil agus go mbeidh an Ghaeilge imithe taobh istigh d'achar ama an-ghearr. Tá an-mhuinín agam as obair an chomhchoiste seo ón méid atá léite agam. Tuigim ó bheith ag éisteacht leis na comhaltaí ag caint sular thosaigh Liam Mac Cóil ag caint agus ó bheith ag éisteacht leis na comhaltaí ag caint faoi na deacrachtaí atá sáraithe go dtí seo nó le sárú amach anseo gur cinnte go bhfuil an-obair curtha isteach ag comhaltaí an chomhchoiste seo. Táim fíor-bhuíoch dóibh as sin. Tá an ceart ar fad ag Liam Mac Cóil gur an briogáid dóiteáin atá os ár gcomhair anseo agus go bhfuilimid ag braith 100% orthu.
Tuigim go bhfuil na blianta fada caite ag plé leasuithe ar an mBille, agus tá súil agam go mbeidh ceann scríbe i ndán dúinn faoi dheireadh. Níl sé éasca agus is ag snámh in aghaidh an easa a táimid ar fad atá ag plé le saol na Gaeilge agus saol na Gaeltachta. Cé gur gheall an Rialtas nach dtógfar an Bille roimh dheireadh na bliana, b'fhéidir gur fearr fanacht go dtí go bhfuil sé i gceart agus an obair a dhéanamh beagáinín níos moille.
Ó mo thaithí féin de, pearsanta agus gairmiúil, tá easnamh ar leith ar an mBille. Bíonn blas ar an mbeagán agus theastaigh uaim díriú ar rud nó dhó seachas ar go leor rudaí mar déarfainn go bhfuil comhaltaí bréan balbh de bheith ag éisteacht faoi na leasuithe ar fad atá ag teastáil ar fud an Bhille. Easnamh atá aitheanta ag daoine níos tábhachtaí agus níos oifigiúla ná mé féin, ar nós an Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ná an t-easnamh suntasach sin agus an laige is mó is ea soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge.
Is é an fáth atá leis sin, mar is eol do na baill ar fad, ná a laghad daoine le Gaeilge atá ag obair sa státchóras agus sa tseirbhís phoiblí. Fágfaidh mé faoin lucht acadúla agus faoi dhaoine a bhfuil i bhfad níos mó taighde agus staidéar déanta acu freagra na ceiste sin a iniúchadh. Is ceist í atá fíorthábhachtach. Caithfear stair an laghad daoine seo a iniúchadh. Cén fáth go bhfuil a laghad daoine le Gaeilge ag obair sa státseirbhís, sa státchóras agus sa tseirbhís phoiblí? Tuigim go bhfuil sé fógartha ag an Rialtas go mbeidh ar a laghad 20% d'fhostaithe nua-earcaithe sa státseirbhís amach anseo ábalta Gaeilge a labhairt agus go mbeidh siad inniúil ar labhairt agus scríobh na Gaeilge ach muna dírítear aghaidh phráinneach ar an bhfadhb sin, ag snámh in aghaidh easa a bheimid maidir le cearta teanga in Éirinn.
Ní nuacht é seo don choiste. Tuigfidh na baill go léir é. Ba mhaith liom mo thaithí féin ó bheith ag obair in RTÉ agus sna cúirteanna a mhíniú agus a shoiléiriú don choiste. Tá an t-uafás dea-thola ann i dtaobh na Gaeilge ach, níos mó ná sin, tá an-chuid daoine ann a bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu agus atá sásta í a úsáid agus a labhairt. Is daoine iad atá idir óg agus sean. Tagann siad ó gach aon chúlra. Ós rud é go raibh mé ag múineadh ar feadh achar an-ghearr, chomh maith le bheith ag craoladh agus obair sna cúirteanna, chonaic mé an borradh agus an fás uafásach iontach a tháinig ar an nGaelscolaíocht. Tá an t-uafás daoine anois a fhágann an córas scolaíochta, idir Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, a bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu agus a bhfuil an-dea-thoil acu ina taobh ach nach dtuigeann siad nó nach gcreideann siad go bhfuil aon spás dóibh ina ngairm bheatha amach ansin an Ghaeilge sin a úsáid chun iad féin a chur chun cinn.
Bhí Liam Mac Cóil ag caint ó thaobh na fealsúnachta de. Tá taithí rímhaith agam ar dhaoine óga mar tá beirt i mo theachsa. Bíonn daoine óga ag smaoineamh ar dul amach ansin agus an rud mór a dhéanamh. Bíonn siad lán de bhrí agus de bheocht. Agus iad ag dul isteach i jab sa státchóras, faoina bhfuilim ag caint inniu, mura gceapann siad, mura gcreideann siad nó mura bhfeiceann siad go bhfuil an stádas nó an tábhacht ag baint leis an nGaeilge, cé nach bhfuil siad gafa le stádas, nó go bhfuil cosán gairmiúil slí bheatha ar fáil dóibh siúd a bhfuil cumas acu sa Ghaeilge agus gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh, cén fáth go rachaidís isteach sa státchóras ag rá go bhfuil Gaeilge acu? Cén fáth go ndéanfaidís é sin?
Rinne an Coimisinéir Teanga iniúchadh ar an bhfadhb seo, an easpa daoine le Gaeilge sa státchóras. Táim cinnte go bhfaca an coiste an tuarascáil faireacháin sin ó 2018. Bhí rudaí agus figiúirí spéisiúla soiléirithe ann. Roinnfidh mé ceann nó dhó leis an gcoiste inniu. Tugtar cuntas sa tuarascáil faireacháin ó 2018 ar thorthaí iniúchtaí éagsúla a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain sin. Is mar seo a bhí príomhthorthaí na n-iniúchtaí sin. Níl ach trí phointe ann. Seo iad na príomhthorthaí. Tá an tuarascáil féin an-spéisiúil ach tá achar ama gearr againn inniu.
Is é an chéad toradh ná nach raibh ann ach 84 post as poist an 20,000 duine atá fostaithe ag Ranna Rialtais aitheanta mar chinn lena mbaineann riachtanas Gaeilge. Tá sé seo dochreidte. Cad a deireann nó a thaispeánann sé sin? Bhí 67 de na poist sin sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is 67 post as 84 é sin. Cad a léiríonn sé sin? Léiríonn sé do na daoine óga a bhfuil aithne agam orthu ná go gcaithfidh siad díriú ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán más mian leo dul chun cinn a dhéanamh sa státseirbhís. Cad a tharlaíonn don duine óg nach bhfuil spéis aige nó aici sa chultúr, san oidhreacht ná sa Ghaeltacht? B'fhéidir go bhfuil níos mó spéis ag an duine óg sin sa mhatamaitic agus gur mhaith leis nó léi post a fháil sa Roinn Airgeadais, i Roinn an Taoisigh, nó sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Is é an dara príomhthoradh ná nach raibh ach dhá údarás áitiúla as na deich gcinn a scrúdaíodh ag comhlíonadh, den chuid is mó, na geallúntais reachtúla teanga a thug siad maidir lena suímh ghréasáin. Tuigfimid ar fad, go háirithe daoine ag m'aois, go bhfuil daoine óga i bhfad níos fearr ag plé leis an ngréasán agus rudaí mar sin agus go bhfuil an t-uafás spéise ag daoine óga atá ag teacht amach as na hollscoileanna agus na scoileanna a bheith ag plé le saol na teicneolaíochta agus mar sin de. Arís, bheadh sé iontach dá mbeadh a fhios ag daoine óga ag teacht amach ó Ghaelscoileanna i gCeatharlach, i gCill Chainnigh, thiar i nGaillimh, i Ráth Chairn nó in aon áit eile sa Ghaeltacht nó sa ghalltacht - agus tá an t-uafás dóibh ann - agus dá gcreidfidís go raibh an deis acu post a fháil sa Státseirbhís nó sa chomhairle contae agus go mbeidís ábalta plé leis na suímh ghréasáin. Arís, is easnamh an-mhór é nach bhfuil ach an méid an-bheag sin d'údaráis áitiúla ag comhlíonadh a ndualgais. Táim cinnte go ndéarfaidís go bhfuil easpa acmhainní ann, nach bhfuil dóthain tacaíochta tugtha dóibh ó chiste lárnach an Rialtais, agus mar sin de. Bíonn leithscéal de shaghas éigin ann i gcónaí.
Is é an tríú príomhthoradh a bhí ann ná nach raibh ach beagnach 60% de na comharthaí a scrúdaíodh ag ionaid oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ag cloí leis na rialacháin. Chun smaoineamh ar dhaoine óga arís, ba mhaith liom a rá, ó mo thaithí féin ar dhaoine óga ó aois bunscolaíochta suas go dtí aois meánscolaíochta agus ar aghaidh, go bhfuil siad an-diongbháilte agus an-dílis agus go n-oibríonn siad go crua. Is dream iad atá níos coimeádaí ná mar a bhí mo leithéidse. Tá sé thar am anois na gnéithe sin a bhaineann leis na daoine óga agus an tallann atá acu a thabhairt chun solais agus a úsáid. Is é an tslí is fearr chun é seo a dhéanamh ná a thaispeáint, trí obair an choiste sin agus tríd an obair ar fad a chaithfear a dhéanamh ar an mBille, go bhfuiltear chun stádas níos fearr, níos airde agus níos oifigiúla a thabhairt don Ghaeilge. Nílim ag rá go bhfuil sé éasca ach tá géarghá ann. Muna déantar é seo, cén mhaitheas atá i mborradh na nGaelscolaíochta, i mborradh na scoileanna lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal ná sna coláistí ag an tríú leibhéal atá anois ag cur an-chuid acmhainní agus an-chuid ama isteach ó thaobh shaol na Gaeilge de?
Thar 54 bliain mo shaoil go dtí seo, táim tar éis an Ghaeilge a fheiceáil ag fás agus ag fás as cuimse i mbailte cosúil le Ceatharlach, áit a bhfuil cónaí orm. Tá sé thar am anois go rachfar i dtír ar an mborradh sin agus go ndéanfar brabús air. Mar a deirim, is féidir a thaispeáint go bhfuil an Stát thaobh thiar den bhorradh sin. Tá lámh amháin den Stát ag cur infheistíochta isteach ó thaobh an oideachais agus na scolaíochta de. Cén fáth nach mbeadh an dúil chéanna agus an borradh céanna ag an lámh eile atá ag plé leis an státchóras, státseirbhísigh agus fostaíocht sa státchóras? Luíonn sé le réasún ó thaobh caiteachais airgid de go mbeadh an tOireachtas ag féachaint ar aghaidh thar tréimhse de deich mbliana nó níos lú chun úsáid a bhaint as an acmhainn iontach atá amach ansin anois.
Chomh maith leis sin, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don mhéid a dúirt an Coimisinéir Teanga leis an gcoiste seo le déanaí. Dúirt sé:
Is léir go bhfuil cumas an Stáit seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhonn sásúil ag brath ar líon leordhóthanach foirne le Gaeilge a bheith ann chuige sin. Fáiltím, mar sin, roimh an sprioc inmholta sa Bhille leasaithe go mbeadh dualgas reachtúil ann le cinntiú gur cainteoirí Gaeilge iad 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí.
Caithfidh an Bille a bheith níos soiléire faoin 20% sin agus caithfear i bhfad níos mó oibre a dhéanamh agus iniúchadh a dhéanamh. Cad a bheidh i gceist le hinniúlacht na Gaeilge sa 20% sin? Cén chumas Gaeilge a bheidh ann sa 20% sin? Caithfidh níos mó ná an cúpla focal a bheith ar chumas na ndaoine sin. Caithfidh fios a bheith acu cén sprioc atá ann ionas go mbeidh muinín ag na daoine óga sa chóras chun cur isteach ar phoist sa státchóras. Mar a dúirt mé cúpla nóiméad ó shin, caithfidh fios a bheith ag na daoine óga seo, nó seandaoine nó daoine meánaosta má tá siad ag cur isteach orthu chomh maith, go bhfuil cosán slí bheatha i gceist le cumas na Gaeilge agus gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh leis an státchóras.
Ag féachaint ar an státchóras ón taobh amuigh - níor oibrigh mé ann riamh ach amháin ag múineadh ar feadh bliana ach sin post de shaghas eile - deirtear gur áit agus córas oibre coimeádach é, atá mall chun athrú agus mar sin de. Ní féidir liom é sin a rá i dtaobh an státchórais mar níl aon taithí pearsanta agam air. Iarraim ar Sheanadóirí agus ar Theachtaí féachaint ar a n-oifigí agus a Ranna féin mar glacaim leis go bhfuil siad mar urlabhraí ó thaobh Roinn amháin nó Roinn eile. Iarraim orthu féachaint ar a n-oifigí agus a gcórais oibreachais féin agus féachaint an bhfuil sé sin i gceist. Caithfidh siad fiafraí cé atá ar a bhfoirne nó ina n-oifigí, an bhfuil Gaeilge ag na daoine sin, cén chumas Gaeilge atá acu agus an dtugtar aitheantas do na daoine sin atá an Ghaeilge ar a gcumas acu. Má thugtar, cén t-aitheantas a thugtar dóibh?
Rud a rith liom le déanaí, toisc go raibh beirt i ndiaidh a chéile i mo chlann ag déanamh an ardteist, ná an chaoi gur féidir le daltaí níos mó pointí a fháil má dhéanann siad matamaitic onórach. Tuigim na cúiseanna atá taobh thiar de sin, cé nach duine matamaiticiúil mé, ach ar bhealach eile, cén fáth nach bhfuil níos mó pointí ag dul do Ghaeilge onórach? Sin mo cheist i gcónaí agus b’fhéidir go n-ardóidh an coiste í amach anseo. B’fhéidir go gcabhródh sé sin leis an gcoiste, linne agus muid ar fad mar Éireannaigh agus mar dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a bheith fós beo beathach amach anseo do na glúine amach romhainn. B’fhéidir gur féidir leis an gcoiste an cheist sin a ardú leis an Aire Oideachais agus amach anseo gur féidir smaoineamh ar phointí breise a thabhairt don Ghaeilge onórach. Thabharfadh sé sin deis do na daoine óga díriú ar an nGaeilge ag staid níos luaithe.
Níor mhaith liom níos mó a rá mar b’fhearr liom plé a dhéanamh agus bíonn blas ar an mbeagán. Níor mhaith liom an coiste a bhodhrú leis an méid oibre atá le déanamh ach ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste, mar a rinne Liam Mac Cóil, as an méid iontach atá déanta aige go dtí seo. Táim cinnte go bhfuil iarracht mharthanach á dhéanamh ag an gcoiste. Is léir go bhfuil. Is léir freisin go bhfuil an-chuid laigí, mar a dúirt an Teachta Connolly ag tús an chruinnithe, aitheanta sa reachtaíocht reatha agus an-chuid laigí le ceartú amach anseo agus breis oibre le cur isteach. Tá an-chuid oibre le déanamh ach feictear domsa go bhfuil an-chuid fuinnimh agus dea-thoil sa seomra seo. Iarraim ar an gcoiste díriú ar an gcur chuige, an modh oibre agus déantús an choiste chomhairleach. Mar is eol dó, beidh coiste comhairleach ceaptha chun a bheith freagrach as cur i bhfeidhm an phlean earcaíochta seo atá mar chuid den Bhille. Is cuid an-tábhachtach é an coiste comhairleach agus iarraim ar an gcoiste a bheith ag smaoineamh air sin. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí agus go n-éireoidh go geal lena n-obair.
No comments