Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 9 December 2020
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Plé
Mr. Liam Mac Cóil:
Táim thar a bheith bhuíoch don choiste as an deis seo a thabhairt dom, mar shaoránach aonar, labhairt leis. Táim buíoch don choiste freisin as spéis a léiriú sa mhéid atá le rá ag scríbhneoir Gaeilge atá ag saothrú sa teanga le os cionn 50 bliain anois agus a bhfuil imní air go mbeidh an Ghaeilge imithe mar theanga phobail sula mbeidh deireadh a chúrsa scríbhneoireachta sroichte aige. Ní aon áibhéil é a rá go mbreathnaíonn go leor daoine i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar bhaill an choiste seo agus ar an gCoimisinéir Teanga mar chosantóirí na Gaeilge agus na Gaeltachta sa státchóras. Beagnach go bhféadfainn a rá go bhfuil siad á gcosaint ón státchóras é féin.
Athscríobh mé an méid atá le rá agam as litir a scríobh mé chuig an gCoimisinéir Teanga mí na Nollag seo caite. Tuigtear dom gur chuir an coimisinéir cóip den litir sin faoi bhráid an chomhchoiste. Tá súil agam gur féidir liom solas éigin a chaitheamh ar na ceisteanna tábhachtacha a d’ardaigh mé sa litir sin agus cabhair bheag éigin a thabhairt maidir leis na ceisteanna a fhreagairt. Ní bhaineann siad baileach le gnéithe faoi leith d’ábhar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, nó na forálacha. Tá sé sin déanta ag daoine eile agus luaim alt an Dr. Phádraig Ó Laighin ina chomhair. Mar atá cloiste againn le lá nó dhó anuas, tá os cionn 300 leasú ar an mBille molta. Níl sé i gceist agamsa go speisialta cur leis na leasuithe sin ach ba mhaith liom labhairt faoin bpróiseas dréachtaithe féin.
Ar an ábhar sin, cuirfidh mé smaoineamh nó coincheap nó dhó faoi bhráid an choiste a d’fhéadfadh cabhrú linn an feiniméan uafásach seo a thuiscint. In ainneoin dea-thoil an Rialtais agus an Chomhaireachta, agus in ainneoin dícheall agus dúthracht an choiste seo, níl aon Bhille teanga sásúil fós againn, nó ceann leath-shásúil fiú, tar éis tréimhse fhada máinneála agus moilleadóireachta. Is ionann an feiniméan seo agus ceilt cearta agus cealú an daonlathais. Is beagnach gur féidir a rá gurb ionann é agus tíorántacht dhalba a bheith á imirt ar chuid shuntasach de mhuintir na tíre, sé sin, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Cén fáth an fál go haer seo? An bhfuil Dáil Éireann ag iarraidh rópa a dhéanamh as gaineamh? An bhfuil pobal na Gaeilge, an Coimisinéir Teanga, an coiste seo agus fiú an Rialtas féin ag tógáil caisleán san aer nó ag iarraidh olann ar phocán gabhair? Cibé rud atá ag tarlú, is scannal é.
An chéad choincheap gur mhaith liom a chur faoi bhráid an choiste ná béascna. Téann an focal "béascna" siar go dtí tréimhse na sean-Gaeilge agus go dtí seandlíthe na nGael, an féineachas. Is "culture" an míniú a thugann an Foclóir Gaeilge-Béarla air agus is cultúr sa chiall antraipeolaíochta atá i gceist. In aon fhocal amháin, baineann béascna leis an saol mar a chaithimid é ó lá go lá. Is éard tá sa bhéascna, dar leis an antraipeolaí agus teangeolaí Dr. Daniel Everett, gréasán teibí a mhúnlaíonn agus a cheanglaíonn le chéile róil sóisialta, réimsí eolais, agus luachanna rangaithe. Beidh mé ag teacht ar ais ag luachanna rangaithe i gceann nóiméid. Fágann an bhéascna a lorg ar dhaoine aonair, ar a bpobal, ar a n-iompar agus ar an gcaoi a smaoiníonn siad. Tig linn béascna chomónta Éireannach a chur i gcás agus tig linn, ar an gcaoi chéanna, béascnaí éagsúla in Éirinn a chur i gcás chomh maith - fo-bhéascnaí a bhaineann le grúpaí agus le pobail faoi leith. Ní hionann béascna na Gaeilge agus béascna an Bhéarla agus ní hionann an bhéascna atá ag duine dátheangach agus béascna an duine nach bhfuil aige ach aon teanga amháin.
An dara coincheap ná eolas neamhráite. Luaigh an fealsamh agus eolaí Ungáireach, an Dr. Michael Polanyi, a tháinig chun cónaí i Sasana aimsir na Naitsithe, an téarma "tacit knowledge". Dúirt an Dr. Polanyi - is ráiteas mór aige é seo - go mbíonn níos mó ar eolas againn ná mar is féidir linn a rá i bhfocail. An sampla clasaiceach a luann sé ná marcaíocht ar rothar. I measc rudaí eile a bhaineann le heolas neamhráite tá scileanna, mar shampla uirlis cheoil a sheinm, adhmad a shníomh, pictiúr a phéinteáil, scéal a insint, nó an scil atá i gceist le Bille a dhréachtú. Ní mór a rá go dtagann scil anuas ó ghlúin go glúin. Tagann scil dréachtaithe Billí anuas ó ghlúin amháin dréachtóirí go dtí an chéad ghlúin eile in imeacht na mblianta. Tá go leor forbartha déanta ar an gcoincheap d'eolas neamhráite ó thosaigh an Dr. Polanyi ag caint air sna 1950aidí. Anois aithnítear go mbíonn eolas neamhráite ag pobail agus ag grúpaí daoine. Tugann lucht gnó eolas corparáideach nó "corporate knowledge" air i gcás comhlachta. I dtéarmaí Peter Drucker, an saineolaí ar chúrsaí gnó, is "culture" é.
Sampla eile d’eolas neamhráite grúpa, agus bainimse an-taitneamh as an sampla seo, ná trácht. Tóg trácht na Róimhe, mar shampla. Tá scéal pearsanta agam faoi sin. Bhíos cinnte go leagfaí síos mé ar thuras go dtí an Róimh blianta ó shin agus mé ag iarraidh an tsráid a thrasnú in aice leis an eaglais cháiliúil San Pietro in Montorio. Chonaic Meiriceánach mé agus thóg sé ar láimh mé. Shiúil sé amach i lár na tráchta agus mise taobh leis. Lena threoir, d’éirigh liom eaglais cháiliúil na nGael a bhaint amach slán sábháilte. Thug an fear uasal sin comhairle dom an lá sin agus ba mhaith liom an comhairle chéanna a roinnt leis an gcoiste. Dúirt sé: "You’ve got to take command".
Scríobh Everett, an t-antraipeolaí a luaigh mé ar ball, faoi "ranked values", na luachanna rangaithe ar dhlúthchuid den bhéascna iad. Sin an tríú coincheap gur mhaith liom a roinnt leis an gcoiste. Baineann sé seo le tosaíochtaí, nó na luachanna a chuirimid chun tosaigh ar luacha eile. Ní gá gurb ionann na luachanna a chuirtear chun tosaigh sa státseirbhís agus na luachanna a chuireann an Rialtas chun tosaigh, gan trácht ar an Dáil nó ar an Seanad, agus gan trácht ar chor ar bith ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Shamhlóinn go gcuirfeadh na Rúnaithe Ginearálta éifeacht agus éascaíocht oibre a Ranna féin chun tosaigh ar gach luach eile. B’fhéidir gur mar sin is ceart, ach cá bhfágann sé sin pobal na Gaeilge? Tá pobal na Gaeilge faoi léigear, agus má tá pobal baile faoi léigear níor cheart gurb iad an chéad dream a lorgaíonn siad comhairle agus cúnamh uathu ná an dream lasmuigh de na ballaí, an dream atá ag ceilt bia agus soláthairtí beatha orthu.
Má tá an teach trí thine, ní hé an chéad rud a dhéantar ná iarraidh ar an gcomhairle contae tuairisc a chur amach faoin soláthar áitiúil uisce. An chéad rud a dhéantar ná glaoch ar an mbriogáid dóiteáin. Is iad comhaltaí an choiste seo briogáid dóiteáin na Gaeilge.
Tá sé soiléir go bhfuil an córas próiseála Billí fabhtach. An mbaineann sé leis na tosaíochta luacha agus ama atá i gceist ag an státseirbhís agus ag na dréachtóirí? Má bhreathnaímid ar na clásail agus na hailt a bhfuil i gceist mar a thagann siad ar ais ón bpróiseas, gan trácht ar an milseacht bhriathar agus sínteoireacht aimsire atá i gceist, mar a dúirt Ó Néill le Mac Cochláin aimsir Chogadh na Naoi mBliana, is léir go bhfuil rud éigin amú agus go bhfuil an teach fós trí thine. An bhfuil gá le hidirghabháil de shaghas éigin nó le hidirghabhálaí? D'fhéadfadh seo a bheith ina dhuine a dhéanfadh an Bille a thionlacan tríd an bpróiseas contúirteach agus é a chosaint. Theastódh saineolas maith idirghníomhaíochta ón duine sin agus theastódh údarás mór uaidh nó uaithi. Is féidir a rá gur údarás ón Taoiseach féin a theastódh.
Níl a fhios agam. Is mar scríbhneoir agus mar úrscéalaí is mó a bhím ag obair agus ar an gcaoi sin bím ag plé le cúrsaí na hintleachta agus na samhlaíochta agus le ceird na scéalaíochta. Ní gnách dom a bheith ag plé le fadhbanna praiticiúla a bhaineann le himoibriú daoine agus grúpaí le chéile. Áfach, tá súil agam go gcabhróidh cuid de na hobair intleachta agus samhlaíochta seo leis an gcoiste san obair mhór atá ar siúl aige, go háirithe na coincheapa sin béascna, eolas neamhráite agus tosaíocht luacha.
Tá sé seanráite nach é go bhfaigheann teangacha bás ach go maraítear iad. Tá an ghráin dhearg agam ar an meafar bitheolaíoch. Mar sin féin, is uafásach an ní é le rá ach tá gach cuma ar an scéal go bhfuil riarachán na tíre seo, idir náisiúnta agus áitiúil, ag obair in éadan phobal na Gaeilge agus a dteanga agus ag cuidiú go mór le deireadh a chur leis an nGaeilge mar theanga phobail. Áfach, tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ann. Is fuirist atá sé an réiteach a fháil. Is ar an gcoiste atá ár seasamh. Is é an coiste a chaithfidh breith ar an maide stiúrach agus báidín beag seo Bille na dteangacha oifigiúla a sheoladh trí ghuairneáin, thar tanaí agus thar charraigeacha báite na státseirbhíse. Is é mo ghuí go mbeadh cóir ghaoithe ag an gcoiste agus go n-éireoidh leis cearta absalóideacha teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a thabhairt go cuan agus go calafort, slán sábháilte, in achar gearr ama. Guím gach rath ar chomhaltaí agus arís gabhaim buíochas ó chroí leo as an deis seo a thabhairt dom mo chuid smaointe a roinnt leo.
No comments