Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 December 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Is dócha go bhfuil dearcadh eile agam. Aontaím leis an gCathaoirleach agus tá díomá orm ar leibhéal amháin ach, ar leibhéal eile, níl an Bille sásúil beag nó mór agus ní raibh seans dá laghad go mbeadh sé críochnaithe roimh an Nollaig in ainneoin an méid atá ráite ag an Rialtas. Ar ndóigh, cuireadh in iúl dúinn go raibh díomá ar an Aire Stáit nach raibh muid ag déileáil leis chomh sciobtha agus ba chóir dúinn ach ní raibh an Bille curtha os ár gcomhair fiú. Rinne an Rialtas botún agus sheol sé an Bille chuig an gcoiste mícheart. Sin mo chéad phointe.

Is é mo dhara pointe ná go raibh sé soiléir ón tús go mbeadh an fhadhb sin ann. Tá tuiscint agam ar Oifig na mBillí. Bhí sé thar a bheith deacair di. Is é an rud atá ag teastáil ná léargas ó thaobh na hacmhainní breise atá ag teastáil uaithi chun déileáil leis an rud seo.

Tá an Bille lag amach is amach. Tá drogall orm é sin a rá mar chuir chuile bhall den choiste, agus an iarAire Stáit atá ina bhall anois, an t-uafás oibre isteach. Rinne an Roinn a dhícheall ach, i ndeireadh na Dála, bhí an rud a foilsíodh lag amach is amach. Ní raibh caint ar bith faoi chearta bunúsacha ann. Ní raibh comhthéacs ar bith leis. Tá teideal an Bhille fiú easnamhach amach is amach. Ní chuireann an Bille an rud sa chomhthéacs go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na teanga de ar chuile leibhéal, ach go háirithe san earnáil phoiblí. Is í sin an fhadhb atá agam.

Táimid faoi bhrú an Bille a chur chun cinn ionas go n-achtófar é roimh an Nollaig. Ní raibh seans dá laghad riamh go dtarlóidh é sin agus tá an locht ar an mBille féin mar tá sé lag amach is amach. Léiríonn an méid leasuithe a cuireadh isteach chomh lag is atá sé. Tá breis is 300 leasú molta. Ní féidir le hOifig na mBillí déileáil leo siúd. Bhí mé féin faoi bhrú leasuithe a chur isteach de bharr easpa ama. Tá trua agam d'Oifig na mBillí ach níl trua agam don Rialtas. Is Bille lag amach is amach é. B'fhéidir go mbeimid in ann obair as lámh a chéile agus le chéile tar éis na Nollag chun Bille láidir a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.