Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 December 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá roinnt stuif ann atá gafa leis an reachtaíocht ach déanfaimid iad a chur ar an liosta ar aon chaoi maidir le grúpaí. Nuair a táimid ag déanamh an plean don bhliain seo chugainn, beidh sé ar an liosta atá an cléireach chun cur le chéile agus a scaipeadh orainn an tseachtain seo chugainn mar chabhair dúinn nuair a thagaimid le chéile i mí Eanáir leis an bplean don bhliain úr.

Tagraím do mhír Uimh. F067. Tá rúnaí an coiste tar éis ceist a chur ar Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Tá an mír seo maidir leis an athbhreithniú ar Bhille na dteangacha oifigiúla agus go gcuirfear é seo siar. Seo an nóta a fuair muid ó rúnaíocht na gcoistí inné. Chonaic comhaltaí é seo ar tuairisc.ieagus scaip muid é seo ar chomhaltaí a luaithe agus a fuair muid é. Seo an litir ó sheirbhísíocht na Tithe ag rá nach bhfuil sé in ann déileáil leis na leasuithe agus iad a chur ar fáil don choiste roimh amárach agus mar sin gur gá dúinn Céim an Choiste a chur ar athlá go dtí Mí Eanáir.

Sula ligfidh mé na comhaltaí eile isteach, ba mhaith liom a rá go bhfuil fadhb mór agam maidir leis seo. Tá a fhios agam gur tháinig dhá thrian de na leasuithe uaim. Chuir mé isteach iad breis agus seachtain roimh an dáta a sonraíodh. Labhair mé leo agus d'iarr mé orthu an raibh gá dom impí ar chomhaltaí eile leasuithe a chur isteach roimh ré chun cuidiú leo. Dúirt siad nach raibh fadhb ann agus ansin ag an nóiméad deireanach faighimid amach uathu go bhfuil fadhb ann agus nach féidir leo an gnó atá acu a dhéanamh de thairbhe easpa foirne nó de thairbhe cé chomh costasach agus atá sé maidir le reachtaíocht atá dátheangach.

Bhí ar Oifig na mBillí aon leasú a chuir muid isteach a aistriú go Béarla toisc go bhfuil an Bille seo dátheangach agus toisc gur gá leis an téacs a bheith dátheangach freisin. Tá díomá mhór orm faoi. Creid nó ná creid, d'fhéadfadh sé seo a tharlú arís i mí Eanáir toisc go mbeidh an Bille oscailte i gcomhair leasuithe breise arís toisc nach bhfuilimid ag déileáil leis amárach. Socrófar spriocdháta nua nuair a roghnaíonn an coiste dáta leis an bplé a thosú inniu. Is spriocdháta flaithiúil é. Is féidir leasuithe a chur isteach suas go dtí ceithre lá roimh ré. Má chuireann aon chomhalta a lán leasuithe isteach, tá seans ann go mbeidh fadhb againn arís. D'inis an oifig liom go mbeidh an méid atá os ár gcomhair faoi láthair - na 300 leasú seo - réidh ag an oifig i mí Eanáir. San áireamh sa 300 sin tá leasuithe an Aire Stáit, mo chinn féin agus leasuithe chomhaltaí eile an choiste seo. Tá díomá mhór orm.

Más rud é go n-aontaíonn na baill liom, tá sé i gceist agam scríobh chuig an gCeann Comhairle thar ceann an choiste chun na ceisteanna seo a leanas a chur. Conas a tharla é seo? Conas is féidir linn cinntiú nach dtarlaíonn sé arís má tá reachtaíocht i nGaeilge nó reachtaíocht dhátheangach á plé? Is rud an-tromchúiseach é ó thaobh chearta Teachtaí agus Seanadóirí. Nuair a thagann an Bille os comhair an tSeanaid, glacaim leis nach mbeidh córas Thithe an Oireachtais in ann déileáil leis. An mian le héinne eile caint faoin ábhar seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.