Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Dr. John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Dr. John Walsh:

Gabhaim buíochas don choiste as an gcuireadh a bheith i láthair. Is mór agam an deis teacht os comhair an chomhchoiste agus molaim an obair thábhachtach atá ar bun aige agus é ag cíoradh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 go mion. Tá súil agam go mbeidh toradh fónta ar shaothar an choiste agus go mbeidh Acht níos láidre agus níos oiriúnaí dá aidhm againn de bharr na hoibre sin.

Tá an dréacht atá á phlé ag an gcoiste níos láidre ná an Bille a foilsíodh roimh Nollaig 2019 agus cuirim fáilte roimh chuid de na leasuithe a mholtar ann. Fáiltím, mar shampla, roimh an dul chun cinn suntasach atá sa leasú a thabharfadh cumhacht breise don Choimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar Achtanna eile ina luaitear an Ghaeilge. Tá taighde déanta agam ar an gceist seo agus tá tuairim agus 150 dlíthe i gceist. Cé nach eol don phobal go minic iad a bheith ann, clúdaíonn siad réimsí tábhachtacha den saol, ar nós na pleanála, an chraolacháin agus an oideachais.

Cén bua chun cinn a bheadh ann dá bhféadfadh an Coimisinéir Teanga a bheith níos gníomhaí maidir leis an gcorpas reachtaíochta seo ina iomláine? Léiríonn roinnt de na himscrúduithe atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga le blianta beaga anuas cé chomh tábhachtach agus atá na hachtacháin sin. Tagraím, mar shampla, don imscrúdú a rinne sé ar Acht an Gharda Síochána, 2005 atá in ainm agus a bheith ag treisiú stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tagraím chomh maith don Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 a bhfuil an aidhm chéanna ag foráil dá gcuid cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bhí imscrúduithe tábhachtacha eile ag an gCoimisinéir Teanga ar chúrsaí oideachais agus craolacháin, dhá réimse móra den saol go bhfuil tionchar an-mhór acu ar an bpobal. Léiríonn na samplaí seo gur gá cur le cumhachtaí faireacháin an Choimisinéara Teanga ionas gur féidir leis a bheith réamhghníomhach mar gheall ar na hachtacháin eile, agus is maith an leasú seo a bheith déanta.

Fáiltím chomh maith roimh chuid de na spriocanna níos soiléire a leagtar síos maidir leis an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge atá le bunú sé mhí tar éis don Acht teacht i bhfeidhm; an plean náisiúnta seirbhísí Gaeilge atá le hullmhú laistigh de dhá bhliain ina dhiaidh sin; agus an spriocdháta 2030 a bheith luaite leis an gcuspóir go mbeadh 20% d'earcaithe chuig an tseirbhís phoiblí ábalta a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge. Tá imní orm, áfach, mar gheall ar an seans go bhféadfaí síneadh ama a chur leis an spriocdháta áirithe sin.

Tá roinnt laigí móra fós sna leasuithe gur gá aghaidh a thabhairt orthu. Ní luaitear faic faoin éileamh réasúnta atá déanta ag eagraíochtaí Gaeilge agus an gCoimisinéir Teanga gur i nGaeilge, gan cheist, a chuirfí seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht. Ní bheadh mórán údaráis ag reachtaíocht teanga nach dtabharfaidh aghaidh ar na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga an phobail. Caithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo trí fhoráil ar leith faoin nGaeltacht a chur sa Bhille nó trí dul i ngleic leis an gceist sin sna caighdeáin teanga. Déarfaidh mé tuilleadh mar gheall ar na caighdeáin ar ball.

Níl aon radharc ach oiread ar cheart bunúsach a bheith ag duine ainm agus seoladh i nGaeilge a úsáid i ngnó oifigiúil. Baineann sciar suntasach de na gearáin a fhaigheann an Coimisinéir Teanga leis an bhfadhb seo, 8% in 2018 agus beagnach 7% anuraidh. In alt 4 den Bhille, luaitear dualgas a bheith ar chomhlacht poiblí leaganacha Gaeilge d'ainm agus de sheoladh a thaifeadadh agus a úsáid i gceart, ach ní leagfar an dualgas sin go huathoibríoch ar gach comhlacht poiblí ná ní thugtar scála ama maidir leis na córais faisnéise agus chumarsáide. Mar sin, d'fhéadfadh sé blianta a ghlacadh sara mbeadh an dualgas seo i bhfeidhm ar chomhlachtaí poiblí.

Ina theannta sin, caithfidh ionadaíocht níos leithne a bheith ar an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge. Má tá ionadaí amháin le ceapadh thar cheann phobal na Gaeltachta, cén fáth nach bhfuil ionadaí eile le ceapadh thar cheann phobal na Gaeilge? As áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht a tháinig 82% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga anuraidh, rud a léiríonn tábhacht an phobail mhór sin, ach ní thugtar aitheantas do sin sa struchtúr molta. Faoi mar atá struchtúr an choiste molta faoi láthair, tá sé le bheith comhdhéanta de Státseirbhísigh ar fad nach mór ach gan ionadaíocht mar is ceart a bheith ag lucht úsáide na seirbhíse - cainteoirí líofa agus rialta Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. Ní léir, mar sin, cén tuiscint ar riachtanais an phobail a bheadh ag an gcoiste molta. Is ceist dhigiteach agus chasta í soláthar seirbhísí poiblí go dátheangach, agus le bheith macánta faoi, is beag taithí atá againn ar a leithéid in Éirinn. Ní miste cuimhin le comhaltaí ar an gceist sin ar bhonn uilíoch leathan agus a bheith ábalta tarraingt ar thaithí idirnáisiúnta nuair a bheidh an coiste i mbun a chuid oibre.

Cuireadh fáilte cheana roimh an sprioc go mbeadh 20% d'earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge ach tá gá a bheith an-airdeallach faoi sin chomh maith. Tá an sprioc 20% an-uaillmhianach. Tá impleachtaí móra aige do na comhlachtaí poiblí go léir agus beidh sé dúshlánach í a bhaint amach gan athrú mór sa chultúr eagraíochta agus a gcleachtais oibre, gan trácht ar an bpróiseas earcaíochta féin. Caithfidh go leor mioneolas a bheith sa phlean náisiúnta seirbhísí Gaeilge faoin slí a mbainfear an sprioc amach agus beidh gá le feachtas láidir feasachta agus poiblíochta chun na deiseanna nua fostaíochta a chur ar a súile do chainteoirí Gaeilge.

Ba údar imní dom an tuairisc a bhí sa Business Postle déanaí gur dócha nach mbeidh ach leibhéal bunúsach Gaeilge ag teastáil ó chuid den 20% seo. Luadh comhchreat tagartha na hEorpa um theangacha agus na sé leibhéil atá ann. Áfach, léiríonn an taithí idirnáisiúnta in áiteanna ar nós Cheanada agus Thír na mBascach go mbeadh leibhéal B2 de dhíth chun seirbhís shásúil dhátheangach a chur ar fáil, a nglacfadh cainteoirí na mionteanga leis. Sin an pointe is tábhachtaí mar caithfidh an tseirbhís a bheith ar chaighdeán sásúil chun go n-úsáidfear í. Is ionann leibhéal B2 agus an chuid is airde den mheánleibhéal agus tugtar "úsáideoir neamhspleách" ar dhuine a bhaineann amach an leibhéal sin, is é sin le rá gur féidir leis nó léi an teanga a úsáid go nádúrtha sa scríobh agus sa chaint, ar ábhar a bhfuil taithí aige no aici orthu. Tá an comhchreat aitheanta go hidirnáisiúnta chun leibhéal foghlaimeoirí teanga a mheas, agus baintear úsáid as go forleathan chun measúnú a dhéanamh ar fhostaithe in eagraíochtaí ilteangacha nó san áit ina bhfuil cáilíocht ghairmiúil i dteanga de dhíth.

Má fhostaítear go leor den 20% atá luaite sa Bhille ag leibhéal íseal ar nós A1 nó A2, ní bheidh aon tionchar dearfach ag an Acht ar sheirbhísí dátheangacha a sholáthar. Déantar tagairt i gcuid mhaith de na scéimeanna teanga ó a tugadh isteach an tAcht reatha do Ghaeilge bunúsach a bheith ag an bhfoireann nó do bhunbheannachtaí simplí Gaeilge a bheith ar eolas acu. Tá sé ráite agamsa cheana nach bhfuil brí lena leithéid de chur chuige ó thaobh seirbhísí Ghaeilge a sholáthar do chainteoirí líofa.

Más léir do chainteoir líofa Gaeilge go bhfuil brú ar an oifigeach sa chomhlacht agus iad ag iarraidh Gaeilge a labhairt leis nó léi, tá nós láidir sóisialta ann go n-éireoidh sé nó sí as an nGaeilge agus go n-iompóidh sé nó sí ar an mBéarla. Tuigeann an dá thaobh é sin go soiléir. Is cuma má tá an cainteoir líofa nó an foghlaimeoir neirbhíseach, tuigeann daoine an riail shóisialta sin. Mar sin, tá cumas leibhéal B2 nó níos airde de dhíth chun go mbeadh ciall leis an sprioc 20%.

Tá na caighdeáin teanga atá luaite i gcuid 7 den Bhille le teacht in áit na scéimeanna teanga. Tá caighdeáin in úsáid sa Bhreatain Bheag le nach mór deich mbliana agus cé go bhfuil go leor le moladh fúthu mar chóras, bíonn deacrachtaí móra leo chomh maith mar bhí cuid de na caighdeáin a leagadh síos an-chasta agus ghlac sé tamall dul i ngleic leo. Tá cúpla údar imní orm mar gheall ar na caighdeáin. Ar an gcéad dul síos, tá i bhfad an iomarca sa Bhille seo faoi conas díolúine a fháil uathu - maolú nó derogation a thugtar air san fhoclaíocht - rud a thugann slí éalaithe do chomhlacht poiblí. Ar an dara dul síos, ba mhór an chabhair é dá bhfoilseodh an Roinn caighdeáin samplacha ionas go mbeadh tuiscint níos fearr ag an bpobal ar céard atá beartaithe. Luaitear dréacht-chaighdeáin sa Bhille ach ní thugtar scála ama óna dtaobh.

Dhein an Coimisinéir Teanga tagairt do sheirbhísí Gaeilge in aimsir Covid-19 nuair a labhair sé leis an gcoiste cúpla seachtain ó shin agus dúirt sé go raibh an chosúlacht ann gur úsáideadh an víreas mar leithscéal chun an Ghaeilge a bhrú ar leataobh. Aontaím leis sin agus tá go leor fianaise bailithe agam féin ó mhí an Mhárta i leith a léiríonn gur theip ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chinntiú go gcuirfí eolas i nGaeilge faoin ngéarchéim sláinte poiblí ar fáil don phobal. Réitíodh an tAcht suas le 20 bliain ó shin nuair nach raibh greim chomh daingean ag an gcumarsáid leictreonach agus na meáin shóisialta ar ár saol. Léiríonn géarchéim Covid-19 níos mó ná riamh cheana go bhfuilimid ag brath go mór ar an saol digiteach anois chun a bheith i dteagmháil le chéile go slán sábháilte. Níl sé de chumas ag Acht na dTeangacha Oifigiúla dul i ngleic leis an riachtanas sin. Sin an fáth nár foilsíodh ach fíorbheagán fógraíochta i nGaeilge faoin ngéarchéim agus nár cuireadh eolas leictreonach ar shuíomhanna mar gov.ie i nGaeilge. Tuigim gur sheol Tuairisc.ie litirchuig an choiste ag moladh go dtabharfaí aghaidh ar cheist na fógraíochta sa reachtaíocht nua. Tacaím leis an iarratas sin agus molaim go ndéileálfaí le ceist na fógraíochta sna caighdeáin teanga.

Ceist eile is ea na comharthaí aonteangacha Béarla atá feicthe agam, agus ag daoine eile, in áiteanna éagsúla. Faoin Acht reatha, ba cheart go mbeadh an chomharthaíocht ar fad dátheangach, ach léiríonn an teip fhorleathan ina thaobh seo an obair mhór atá le déanamh fós. Níl an-chuid eolais de dhíth sa chomharthaíocht agus ní bhíonn i gceist ach beagán focal go minic, ach níor éirigh le go leor comhlachtaí poiblí an riachtanas bunúsach sin a chomhlíonadh. Baineann an fhadhb chéanna le teip an Rialtais leagan dátheangach den chéad leabhrán eolais faoi Covid-19 a chur chuig gach teach sa tír. Is fianaise iad na samplaí seo den dúshlán mór atá romhainn córas ceart a bhunú a chuirfidh seirbhísí Gaeilge ar fáil.

Molaim go dtabharfaí aghaidh ar na ceisteanna seo, go háirithe an chumarsáid leictreonach, sna caighdeáin teanga. Ní eolas fada, casta, nó teicniúil a bhíonn á scaipeadh faoi Covid-19 don chuid is mó. Is téacsanna gairide, leabhráin agus fógraíocht ar líne a bhíonn ón bpobal agus iad ar thóir eolais faoin bpaindéim. Ní fál go haer é eolas bunúsach mar sin a sholáthar i nGaeilge, nó níor cheart gurb ea. Ar deireadh thiar thall, cad is fiú reachtaíocht teanga a bheith againn mura féidir leis an Acht a chinntiú go gcuirfear eolas i nGaeilge ar fáil faoin ngéarchéim sláinte poiblí is mó ó bunaíodh an Stát?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.