Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá liosta againn. Mar shampla, thug muid cuireadh do Choimisinéir an Gharda Síochána ach má tá cinneadh déanta againn go mbeidh an Bille mar ár bpríomh-iarracht, beidh orainn teacht ar ais aige le dáta difriúil san athbhliain. Beidh orainn an rud ceannann céanna a dhéanamh leis na comharchumainn mura dtagann siad os ár gcomhair roimh an Nollaig. Bhí trí nó ceithre ghrúpa oideachais luaite sa mhéid a dúirt an Seanadóir Kyne, chomh maith le Tithe an Oireachtais agus an scéim Gaeilge a bhí le cur le chéile acu. Cheana féin tá sé nó seacht n-ábhar agus grúpa, nó níos mó, sa liosta sin. Tá go leor oibre le déanamh againn. Déanfaimid na cinntí maidir leis an chuid eile den bhliain in Eanáir nó mar sin.

Rachaimid ar fionraí anois go dtí 3 p.m. Beidh an Dr. Walsh linn ansin ag caint faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 agus cé chomh maith nó cé chomh dona atá sé. Níl ach leathuair an chloig aige toisc go bhfuil sé idir ranganna. Bhí sé ag labhairt leis an gcoiste seo cheana nuair a bhí an Bille foilsithe ar dtús so tá tuairimí aige faoi conas gur féidir cuidiú leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.