Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Braitheann sé ar na baill. Tá trí bhall i gceist. An bhfuil aon duine eile? Níl. Fágfaimid é go dtí an tseachtain seo chugainn agus feicfimid an bhfuil na baill ar fad sásta, agus b'fhéidir nuair a bheimid críochnaithe le Covid-19, beidh an gnáthshliotán againn arís. Fágfaimid an mhír sin anois agus tiocfaimid ar ais chuige nuair a bheidh an bhallraíocht iomlán i láthair againn.

Maidir leis an mír chomhfhreagrais F049 atá sa chomhad atá ag an coiste, ó Éigse na Brídeoige, ina iarrtar orainn deis a thabhairt dó bualadh linn chun ábhar cás na mbunscoil i nGaeltacht Uíbh Ráthach a phlé, d’fhéadfaí go bhfuil eolas éigin ag an iarAire Stáit, an Seanadóir Kyne, faoi seo. Tá a fhios agam go raibh eolas ag an iarAire, an Teachta Joe McHugh, faoi nuair a bhí sé ina Aire, agus go raibh tascfhórsa bunaithe sa cheantar seo chun cosaint éigin a thabhairt don Ghaeltacht atá faoi bhrú. Bhí an grúpa ag iarraidh go gcuirfimid ar an eolas é faoi sin agus faoin gceist mar gheall ar eisceacht a bhí tugtha dóibh maidir le cosaint a thabhairt do mhúinteoirí sna trí scoil atá bainteach leis. Níl aithne agam ar an gceantar. Is féidir linn cruinniú Zoom a bheith againn leo nó scríobh chuig an Aire i dtús báire chun níos mó eolais a lorg faoin staid faoi láthair, agus déileáil leis san athbhliain.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.