Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is ceann breise an sliotán a roghnaigh muid chun tosú leis an mBille, an sliotán ar an Déardaoin, an 10 Nollaig. Faoi láthair, tá an Chéadaoin agus an Déardaoin an tseachtain dár gcionn roghnaithe againn. Más féidir linn teacht ar shliotán ar an Máirt, cuirfimid é sin in áireamh chomh maith. Má cheadaítear plé a bheith againn ar Zoom agus muid san fhoirgneamh seo, níl fadhb ar bith agamsa leis sin.

Níor chóir go mbeimid ag cur moille air seo mar tá daoine ar bís chun é a fheiceáil ach ní cóir dúinn ach an oiread deifriú tríd sa tslí go mbeidh Bille lochtach ann amach anseo. Déanfaimid ár ndícheall agus beidh sé críochnaithe i dTithe an Oireachtais, measaim, go luath an bhliain seo chugainn. Is trua nár thosaíomar níos luaithe an mhí seo agus b'fhéidir go mbeimid in ann cloí leis an amchlár a thug an tAire Stáit dúinn. Tá sé sin aontaithe againn.

Is é an chéad mhír eile ná an bhfuil aon duine ag iarraidh labhairt faoin gcomhfhreagras ón gComhchoiste um Iompar agus Líonraí Cumarsáide ina iarrtar orainn ár sliotán ama Dé Céadaoin a mhalartú leis an sliotán atá acu. Tá botún sa mhéid a chuir an comhchoiste sin chugainn mar is ó 11.30 a.m. go dtí 1.30 p.m. a bheadh i gceist, is é sin babhtáil a dhéanamh ar chúrsaí ama. Bhí mé ag iarraidh, más féidir in aon chor, freastal ar choiste atá ag gabháil faoin nGaeltacht a tharlaíonn ar an am céanna leis an gceann seo, ach braitheann sé ar bhaill eile an choiste. An n-oireann é sin do dhaoine?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.