Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach? Chun an coiste a chur ar an eolas, roghnaigh muid an 10 Nollaig. Roghnóinn dáta eile má tá an coiste den tuairim gur chóir é sin a dhéanamh. Bhí mé i dteagmháil arís le hOifig na mBillí chun go mbeadh fógra curtha amach chuig gach uile Teachta ag cur in iúl dóibh an dáta deireanach i gcomhair leasuithe. Dá mbeadh muid ag athrú an dáta chun go mbeadh an Bille os comhair an choiste an tseachtain seo chugainn, is amárach a bheadh mar dháta deireanach i gcomhair leasuithe. Measaim féin nach bhfuil sé sin indéanta. Níl leasuithe an Aire Stáit fiú curtha isteach chuig Oifig na mBillí go dtí seo. Tá cúig lá ag teastáil ag an oifig toisc go gcaithfear na leasuithe a chuirtear isteach a aistriú, rud nach dtarlaíonn i gcás aon Bhille eile. Má cuirtear isteach iad i mBéarla ná i nGaeilge, caithfear iad a aistriú mar tá an dá leagan den Bhille foilsithe go comhuaineach. Ansin, caithfidh an oifig ord a chur orthu. Is as Gaeilge a bheidh na leasuithe atáim chun cur isteach. Déanann sé sin obair Oifig na mBillí beagán níos casta toisc gur fíorannamh a bhíonn Bille aici as Gaeilge. Beidh sé deacair uirthi a dhéanamh cinnte go bhfuil gach rud in ord. Is é sin an méid a dúirt an oifig liom. Ní raibh sí ag lorg síneadh ama ná aon rud eile. Dúirt siad go ndéanfaidh ceithre nó cúig lá an beart. Is é sin a dúirt an oifig liom coicís ó shin.

Ag an staid seo, measaim gur chóir dúinn cloí leis an 10 Nollaig. Ón méid atá cloiste agam ó Theachtaí difriúla, ní dóigh liom go mbeidh sé seo críochnaithe i seisiúin amháin ná in dá seisiúin toisc go bhfuil an oiread sin ann. Níl sna sliotáin atá againn ach dhá uair an chloig. Roimhe seo, bhíodh an lá ar fad againn chun dul tríd Bille agus b'fhéidir déileáil leis. Tosóimid le Céim an Choiste ar an 10 Nollaig agus is féidir linn dá sliotán a bheith againn an tseachtain ina dhiaidh. Más gá, is féidir leis an gcoiste cinneadh a dhéanamh teacht ar ais níos luaithe tar éis na Nollag. Níl cead againn ach sliotán amháin a bheith againn sa lá agus caithfear reachtaíocht a phlé go poiblí. Is féidir linn é a dhéanamh ar Zoom más spéis le daoine é sin a dhéanamh. Is féidir liom iarraidh ar an gcléireach a fháil amach an féidir linn é sin a dhéanamh ónár n-oifigí. Toisc go mbeidh mé féin ag cur leasuithe síos, beidh ar an Leas-Chathaoirleach, an Teachta Calleary, a bheith sa Chathaoir don tréimhse sin. An aontaítear leis an gcur chuige sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.