Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 25 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta McHugh. Tá na comhaltaí ar fad ag suí sna háiteanna ceart. Iarraim orthu cinntiú, le linn an chruinnithe, go bhfuil siad ag cloí leis an achar sóisialta de 2 m nuair atá daoine ag teacht agus ag imeacht.

Uimh. 1 ar an gclár inniu ná miontuairiscí ár gcruinniú ar an 18 Samhain 2020. Tá an rúnaíocht tar éis na dréacht-miontuairiscí a bhaineann leis an gcruinniú sin a scaipeadh.

Is mian liom a chur in iúl do chomhaltaí nach mbeidh an Dr. John Walsh, léachtóir sinsearach na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar fáil chun aitheasc a thabhairt dúinn ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ag an gcruinniú ar an 9 Nollaig, ach beidh sé ar fáil inniu. An fáth leis sin ná go raibh ar na hionadaithe ó Chomhlacas na gComharchumann agus Comhlachtaí Pobalbhunaithe, a bhí in ainm a bheith os ár gcomhair inniu, tarraingt siar ag an nóiméad deireanach. Tá sé i gceist againn an deis a thabhairt don Dr. Walsh a bheith anseo. Beidh sé linn ag a 3 a chlog ar an Idirlíon ar feadh leathuair an chloig. Sin an méid ama a bhí ar fáil aige. Ní bheadh sé ar fáil ar an dáta a bhí roghnaithe roimhe seo, sé sin an 9 Nollaig.

Ar a laghad, cloisfimid uaidh inniu ar feadh tréimhse ghairid. Beidh sé ag labhairt linn faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 agus faoi chomh éifeachtach is a bheidh na leasuithe a mholtar sa Bhille maidir le seirbhísí poiblí dátheangacha a sholáthar do phobal na Gaeilge agus do phobal labhartha na Gaeilge. An aontaítear leis sin? Aontaítear. An bhfuil aon rud eile ag teacht as an méid a bhí i miontuairiscí an chruinnithe dheireanaigh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.