Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Dátheangacha agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020: Foras na Gaeilge

Mr. Seán Ó Coinn:

I dtús báire freagróidh mé an cheist maidir leis an scéim pobal Gaeilge, SPG, ón Teachta Calleary. Tá cuid mhór spéise á léiriú i láthair na huaire in SPG cinnte agus is cuid de sin an obair mhaith atá Conradh na Gaeilge i ndiaidh a dhéanamh chun spéis a ardú sa cheist. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun an obair sin a dhéanamh agus táim sásta go bhfuil sé á déanamh go maith, fiú amháin má tá sé ag cur brú orainn.

Is dócha gur chóir a mhíniú, nuair a bhíomar ag iarraidh an SPG úr, mar a thugaimid air, a shocrú, bhí sé bunaithe ar bhuiséad 2019 a bhí fógartha dúinn, a bhí bunaithe ar an mbuiséad a bhí faighte againn in 2016, agus bhí €4.6 milliún níos lú againn ná mar a bhí againn in 2008. Bhíomar ag plé leis an mbuiséad a bhí againn ag an am sin nuair a chuireamar ár gcuid moltaí amach.

Ní raibh sé i gceist riamh againn an deontas a ghearradh do dhuine ar bith. Is scéim iomaíochta oscailte í agus cuirtear maoiniú ar fáil do na hiarratais is fearr a thagann isteach. Níl scéal cinnte ar bith ann go bhfaighidh dream ar bith atá maoinithe anois maoiniú faoin scéim cé go mbeifeá ag súil go bhfaigheadh siad é. Ar an ábhar gur thuigeamar go mbeadh airgead mór ag dul amach chuig na ceantair ón Státchóras nó ón gcáiníocóir chuig bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí, go mbeadh €80,000 sa bhliain ag dul amach chuig na ceantair sin don phlean teanga, mheasamar dá bharr go bhféadfaimis níos lú a chur ar fáil faoi SPG do na ceantair sin. Táimid ag aithint go bhfuil sé ag cruthú roinnt deacrachtaí don líon beag grúpaí sin atá i gceist agus sílim go gcaithfimid athbhreithniú a dhéanamh air sin anois i gcomhthéacs an bhuiséid mhéadaithe a bheidh againn.

Ba chóir dom a rá ag an bpointe seo nach bhfuil a fhios caidé an buiséad a bheidh againn mar tá buiséad Fhoras na Gaeilge bunaithe ar 75% dár mbuiséad don Fhoras Teanga - is é sin an comhlacht a bhfuil Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise araon ann agus an Rialtas ó Thuaidh - agus ní bheidh a fhios againn caidé an buiséad a bheidh againn go dtí go mbeidh sé sin déanta. Tuigimid go mbeidh méadú de shórt éigin sa bhuiséad. Beidh sé tábhachtach go n-aithnímid go bhfuil, b'fhéidir, athbhreithniú le déanamh air seo.

Faoin am sin bhí bord iomlán úr againn fosta, rud nach raibh againn ó d'imigh an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, agus tá sé sin ar ais arís. Táimid ag súil go mbeidh bord iomlán faoi dheireadh na míosa seo, rud a ligfidh dúinn plé leis an gceist seo mar is ceart sa bhliain úr.

Maidir le cúrsaí forbartha pobail, déanann Foras na Gaeilge an-infheistíocht idir €7 milliún agus €8 milliún sa bhliain as ár mbuiséad i réimse na forbartha pobail. Cuir i gcás an €1 milliún a théann amach chuig an SPG mar chuid de sin agus cuirimid os cionn €1 milliún ar fáil fosta do Ghlór na nGael mar cheanneagraíocht le bheith ag plé le réimse an phobail. Is é sin an sainréimse atá ag an eagraíocht sin a bheith ag plé le grúpaí nach bhfuil ag leibhéal SPG go fóill chun na grúpaí sin a thabhairt a fhad leis an leibhéal sin. Caithfimid cothromaíocht a aimsiú sa dóigh a úsáidimid cibé airgead breise a gheobhaimid. Tá scéimeanna eile a bhí luaite ag Conradh na Gaeilge sa cháipéis SEAS 20 atá an-tábhachtach fosta. Is iad sin scéimeanna óige, imeachtaí óige, campaí samhraidh, agus scéimeanna le haghaidh ionaid Ghaeilge. Ba mhaith linn a bheith ábalta riar a dhéanamh ar na scéimeanna sin ar fad mar go bhfuil an-tábhacht ag baint leo.

Maidir leis na ceisteanna a chuir an Teachta McHugh, go díreach, beidh cead ag an mbaile seirbhíse Gaeltachta, líonra Leitir Ceanainn an t-ainm atá air, iarratas a chur isteach ar SPG cinnte agus d'fháilteoimis roimhe sin.

Maidir le an bhfoclóir agus méid na húsáide atáthar á baint as sin, tá os cionn 2 mhilliún úsáideoir den aip agus den fhoclóir ar líne focloir.iegach bliain. Maidir leis an bhfoclóir clóite, is bestseller atá ann i láthair na huaire i dtaca le leabhair Ghaeilge agus leabhair ar bith eile, go deimhin, a dhíoltar in Éirinn. Tá os cionn cothrom is 2,000 cóip díolta. Tá sé ag teacht rite linn coinneáil suas leis an éileamh de thairbhe nach bhfuil ach duine amháin ag obair sa trádstóras de bharr srianta Covid-19. Tá an leabhar ag dul amach chuig siopaí leabhar ar fud na tíre agus an-éileamh orthu. Féadaim a rá go bhfuil an t-éileamh i bhfad níos mó ná mar a shílimid ach aithnímid anois an spéis atá á léiriú ag an bpobal san fhoclóir.

Is fiú a mheabhrú nach bhfuil i gceist ansin ach trian den obair atá déanta. Is é sin an obair atá déanta ag daoine atá ag foghlaim na Gaeilge ach tá neamart mór déanta ó bunaíodh an Stát i leith phobal na Gaeltachta nach bhfuil foclóir Gaeilge-Gaeilge againn. Ní raibh duine ar bith i bpobal na Gaeltachta riamh ábalta foclóir a oscailt agus sainmhíniú a fháil ar fhocal ina dteanga féin. Ní tharlódh sé sin i dteanga ar bith eile má táimid ag tabhairt cúram ceart dár gcuid teangacha. Is é sin an dúshlán mór dúinn anois aghaidh a thabhairt ar an gceist sin. Is í an chéad chéim eile go mbeidh foclóir Gaeilge-Gaeilge ar líne ar fáil do phobal na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.