Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Seirbhísí Dátheangacha agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2020: Foras na Gaeilge

Mr. Seán Ó Coinn:

Is ábhar mór sásaimh againn go bhfuil ann obair seo ar siúl i láthair na huaire mar eagraíocht Thuaidh-Theas atá dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin. Táimid ag súil go mór le bheith gníomhach sa phróiseas feidhmiúcháin a bhaineann leis an mBille seo nuair a bheidh sé achtaithe. Ní rachaidh mé tríd achan rud atá luaite againn inár n-aitheasc ag an gcoiste ach ní miste díriú ar roinnt rudaí go hachomair.

Tá deis ann anois nár chóir a chailleadh, deis nach dócha a thiocfaidh chun tosaigh go ceann tamaill fhada chun dualgais a leagan ar an Státchóras i leith na Gaeilge, dualgais is féidir a dhearbhú. Láidreofar an Bille seo go mór leis na scálaí ama agus na spriocanna atá fógartha mar leasuithe. Beidh sé tábhachtach taighde a dhéanamh go luath lena chinntiú gur féidir na spriocanna sin a bhaint amach, agus clocha míle a leagan síos ina leith.

Dhá bhealach eile leis an dréacht-Bhille a láidriú ná feidhm reachtúil a thabhairt don phlean a thiocfaidh ón gcoiste comhairleach, agus aitheantas i gcomhdhéanamh an choiste a thabhairt do na róil reachtúla atá ag Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, agus ag an gCoimisinéir Teanga. Aithníonn Foras na Gaeilge gur coiste reachtúil a bheidh sa choiste comhairleach agus, dá réir sin, go mbeidh dualgais ar leith agus cumhachtaí ar leith aige thar choistí eile a bhaineann leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Dar linn, mar sin féin, go láidreofaí an coiste comhairleach dá mbeadh tagairt shonrach sa reachtaíocht don dá mhór-eagraíocht Stáit mar a luaigh mé féin, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, agus do na róil reachtúla atá againn. Tá duine ón nGaeltacht luaite i gcomhdhéanamh an choiste agus tacaíonn Foras na Gaeilge go mór leis sin. Chuirfí go mór leis an fhoráil seo ach duine nó daoine ó lasmuigh den Ghaeltacht a bheith luaite leis fosta, mar shampla, duine ó na líonraí Gaeilge nó ó na bailte seirbhíse Gaeltachta. Thabharfadh é sin aitheantas foirmiúil do na líonraí agus do na bailte seirbhíse Gaeltachta trí thagairt dóibh go sonrach sa Bhille.

Maidir le feidhm thaighde, is áis an-tábhachtach í an taighde sin. Dar linn, tá seans ann taighde nó iniúchadh a dhéanamh ar na heagraíochtaí poiblí ar fad, mar shampla chun an staid reatha maidir le seirbhísí Gaeilge iontu a thuiscint níos fearr. Tríd seo, d’fhéadfaí na feabhsuithe riachtanacha a aithint sna heagraíochtaí seo, spriocanna ama a leagan amach agus moltaí a sholáthar do na heagraíochtaí lena chinntiú go bhfuil na cúraimí seo á gcomhlíonadh acu.

Maidir leis na caighdeáin teanga féin, tacaímid go mór leis an gcur chuige seo. Is cinnte go dtreiseofar alt 19 den reachtaíocht má bhíonn na scálaí agus na spriocanna luaite leis. Cé go n-aithníonn Foras na Gaeilge an bharrthábhacht a bhaineann le ceantair Ghaeltachta sa chéad áit, tá sé tábhachtach go mbeidh an chumhacht ag an Aire scálaí ama a lua leis na haonaid pleanála teanga eile mar atá ag na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge fosta.

Maidir leis an maolú ar na caighdeáin teanga, is tréimhse fhada í an tréimhse cúig bliana a mhairfeadh an maolú a d’fhéadfadh comhlacht a iarraidh agus a fháil de réir na reachtaíochta. Dá mbeadh iniúchadh á dhéanamh tríd an bhfeidhm thaighde mar atá luaite in alt 18C, d’fhéadfadh na cúiseanna a bhainfeadh le maolú a fhiosrú ar bhonn neamhspleách, agus go bhféadfadh an coiste cinntí a dhéanamh faoin mbealach is fearr le cuidiú leis an gcomhlacht dá réir. Arís, treiseofar an Bille agus na féidearthachtaí feabhsuithe a bhaint amach go mór dá mbeadh an dá fhoras Stáit, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta agus, ar ndóigh, an Coimisinéir Teanga luaite mar chuid de sin.

Tá Foras na Gaeilge den tuairim go bhfuil deis anois ann, deis nach raibh againn roimhe seo, leis an reachtaíocht seo gníomh suntasach a dhéanamh a dhéanfaidh leas na Gaeilge sa Stát go ceann tamaill fhada, agus go bhfuil comhdhéanamh an chomhchoiste seo, mar a luaigh ár gcathaoirleach, agus comhdhéanamh an Rialtais féin, fabhrach chuige sin.

Is é sin deireadh leis an méid ar mhaith liom a rá maidir leis an mBille. Bhí ár gcomhghleacaí, Éamonn Ó hArgáin le bheith linn ar líne ach ní fhéadfaimis, de bharr deacrachtaí teicniúla, é a thabhairt isteach ag an bpointe seo.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh go díreach don aguisín ag deireadh an aithisc a chuireamar ar aghaidh maidir leis na seirbhísí tacaíochta a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil faoi láthair don earnáil phoiblí, ina measc Freagra, Aistear, an maoiniú a chuirimid ar fáil do Ghaelchultúr, an tacaíocht a chuirimid ar fáil do Chumann na nOifigeach Forbartha Gaeilge, Séala an Aistriúcháin atá faoinár stiúir, an Coiste Téarmaíochta atá faoinár stiúir, agus an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta . Luaigh an cathaoirleach an foclóir nua clóite Béarla-Gaeilge atá bunaithe ar focloir.ieach atá i bhfad níos mó agus níos iomláine. Ar ndóigh do dhaoine a bhfuil an-spéis sa teanga acu tá teanglann.ie, agus is ansin a fhaightear foclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe ar líne. Tá siad sin ar fáil ar aip ghutháin fosta. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus cuirimid fáilte ceisteanna ó bhaill an choiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.