Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Níl aon leithscéalta faighte againn go fóill. Iarraim ar chomhaltaí gan suí ar na suíocháin ag an mbord ach amháin na suíocháin a bhfuil micreafóin os a gcomhair. Tá dréachtmhiontuairiscí ár gcruinnithe dar dáta 11 Samhain 2020 scaipthe. Is mian liom cur in iúl do bhaill go bhfuil an comhchoiste tar éis scríobh chuig na comhairlí contae i gCiarraí, i gCorcaigh, i nDún na nGall, i nGaillimh, i Maigh, Eo, sa Mhí agus i bPort Láirge de réir mar a aontaíodh an tseachtain seo caite. D'iarr muid orthu na rialacha a bhaineann le tithíocht ina limistéir Ghaeltachta a chur i bhfeidhm. Chuir muid ceist maidir leis an gcaighdeán nó leibhéal líofachta a iarrann siad a bheith ag daoine atá ag iarraidh teach a cheannach nó a thógáil sa Ghaeltacht agus maidir leis an gcóras a úsáideann siad chun leibhéal líofachta na n-iarrthóirí a mheas. D'iarr muid freisin sonraí agus torthaí na scrúduithe atá déanta acu. Dar ndóigh, níl ainmneacha na ndaoine sin á lorg againn.

Is mian liom a chur in iúl don chomhchoiste freisin go bhfuil comhfhreagras faoin dá rún maidir le breis maoinithe d'Fhoras na Gaeilge agus don scéim pobal Gaeilge 2016-2020 a aontaíodh ag ár gcruinniú ar an 11 Samhain seolta ar aghaidh chuig an Aire, an Teachta Catherine Martin, agus chuig an Aire Stáit, an Teachta Chambers, agus gur eisíodh preasráiteas maidir leis an dá rún sin.

An aontaítear leis na miontuairiscí? Aontaítear. Déanfaimid iad a shíniú níos déanaí.

Bogfaimid ar aghaidh chuig comhfhreagras atá faighte ag an gcomhchoiste. Dáileadh Uimh. F041 go F044, a bhfuil baint acu leis an gcruinniú seo, do chomhaltaí roimh an gcruinniú. Scaipeadh iad. Maidir le hUimh. F042 agus F045, ó oifig na n-imeachtaí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, molaim go ndéanfaí ár mbreathnú orthu faoi Uimh. 3 de chlár an chruinnithe seo. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Ar mhian le haon chomhalta plé a dhéanamh ar Uimh. F043? Tagann sé ón gCeann Comhairle agus dúradh ann "I am writing to the Chair of each committee in relation to the conduct of committee business in the context of the Covid-19 pandemic". Tá an litir ag trácht ar conas a reáchtáiltear ár ngnó anseo. An bhfuil aon duine ag iarraidh ceist a chur? Tháinig an litir seo as Béarla. Tá díomá orm go bhfuil comhfhreagras oifigiúil den saghas sin ag teacht os ár gcomhair as Béarla. B'fhéidir gur chóir dúinn scríobh chuig an gCeann Comhairle. Ní dhéanann sé é sin de ghnáth ach b'fhéidir go n-iarrfaimid air scríobh chugainn as Gaeilge amach anseo. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Ar mhian le haon chomhalta aon mhír chomhfhreagrais a phlé ag an staid seo? Bogfaimid ar aghaidh.

Tá cinntí le déanamh againn maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Tháinig Uimh. F042, inar tarchuireadh an Bille chuig an roghchoiste, ar 11 Samhain. Díreach mar a dúirt an Teachta Calleary ar an lá sin, rinneadh an cinneadh sa Dáil leathuair sular tháinig muid le chéile. Is féidir linn déileáil leis anois. Cén uair ar chóir dúinn tús a chur le Céim an Choiste den Bhille sin? Sula gcuirim an cheist sin ar na baill, mar a dúirt mé an tseachtain seo caite, bhí mé ag labhairt le hOifig na mBillí. Má dhéanaimid cinneadh inniu faoi cathain a bheidh sé os ár gcomhair, caithfimid méid áirithe ama a thabhairt do Theachtaí agus don Aire leasuithe a mholadh agus méid áirithe ama a thabhairt don oifig chun iad sin a cheartú, a chur in ord agus mar sin de. Níl mórán i gceist. Bhíomar ag caint faoi sin ag ár gcruinniú deireanach an tseachtain seo caite. Bheadh ar aon duine gur mhaith leis nó léi leasú a mholadh é sin a dhéanamh Déardaoin seo chugainn má tá sé i gceist go dtosóidh an plé sa chéad seachtain de mhí na Nollag. Is é an Déardaoin an 25 Samhain. Tabharfaidh sé sin go leor ama don oifig agus beimid in ann an plé a thosú ar 2 Nollaig nó 3 Nollaig.

Ina dhiaidh sin, tá cinntí eile le déanamh againn. Cad a dhéanfaimid leis na cruinnithe atá eagraithe againn? An leor dhá uair sa tseachtain nó an gá dúinn am breise a lorg? Tá áit ar fáil dúinn ar an Déardaoin chun déileáil le reachtaíocht. Is cinneadh é sin do na baill. Is féidir liom cinneadh a dhéanamh ach b'fhearr liom go mbeadh gach duine ar aon intinn mar beidh ar na baill a bheith anseo má tá vótaí nó díospóireacht le déanamh ar na leasuithe. An bhfuil aon duine ag iarraidh caint faoi sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.