Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 11 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá dhá phíosa gnó eile againn. Ar dtús, beidh orainn díriú isteach am éigin ar an tuairisc le déanaí maidir le díolúine na Gaeilge i measc na mbuntáistí tástála nua do scoileanna. Bhí alt sna nuachtáin ag rá go raibh scoileanna ag fógairt go raibh díolúine ar fáil ó thaobh na Gaeilge san ardteistiméireacht. Ba chóir dúinn díriú isteach ar an gceist sin nuair atáimid ag déileáil le ceisteanna eile maidir le hoideachas trí Ghaeilge amach anseo.

An rud deireanach atá le déanamh agam ná cinntiú go bhfuil an coiste sásta bualadh arís le Foras na Gaeilge an Chéadaoin seo chugainn. Tá iarracht á dhéanamh ag an bhfeidhmeannas muid a bhrú as an seomra seo agus an cruinniú a chur ar athló ach is cinneadh é sin do na baill. An bhfuil muidne sásta an fód a sheasamh agus a rá go bhfuil an seomra seo againne? Seo an sliotán a tugadh dúinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.