Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 11 November 2020

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ar mhaith le aon chomhalta eile labhairt fúthu sin? Níor mhaith. An aontaítear leo? Aontaítear. Molaim go nglacfaí leis an dá rún agus go seolfar ar aghaidh iad go dtí an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an Teachta Catherine Martin, agus go dtí Príomh-Aoire agus Aire Stáit ag na Ranna an Taoisigh, Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus Iompair, an Teachta Chambers, agus go n-eiseoidh muid preasráiteas maidir leis an gcinneadh sin. An aontaítear leis sin? Aontaítear.

Maidir le Bhuan-Orduithe an chomhchoiste - is é seo Uimh. 4 - is mian liom a chur in iúl gur sheol mé an chomhfhreagras seo a leanas chuig an Ceann Comhairle maidir le Buan-Orduithe an chomhchoiste. Sin toisc gur aontaigh comhaltaí liom an tseachtain seo caite faoin litir a scríobh muid. Scríobh muid an méid seo a leanas:

A Chinn Comhairle, a chara,

Ag a chruinniú ar an 4 Samhain 2020, rinne comhaltaí de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge plé ar Bhuan-Ordú 123 de Dháil Éireann agus ar Bhuan-Ordú 105 de Sheanad Éireann, arb iad na Buan-Orduithe lena rialaítear cúraimí agus gníomhaíochtaí an Chomhchoiste.

Thug mo chomhchoiste faoi deara go bhfuil cuid dá chúraimí féin i gcomhréim le cuid de chúraimí an Comhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht, maidir leis an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus gnóthaí a bhaineann leo. Thug mo chomhchoiste faoi deara go raibh an comhchoiste sin tar éis cúpla mír chomhfhreagrais a bhí faighte aige, agus a bhain le gnóthaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, a chur ar aghaidh chuig mo chomhchoiste féin, toisc go mbaineann siad le réimse oibre an chomhchoiste seo: “Phléigh an Comhchoiste [um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht] an chomhfhreagras seo ag a chruinniú ar 30 Meán Fómhair 2020. Glacadh leis an gcinneadh go gcuirfí an comhfhreagras faoi bhráid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge, toisc go mbaineann sé go dlúth le réimse oibre an Choiste sin.” Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil de chúraimí an dá chomhchoiste sin i gcomhréim lena chéile agus ar na deacrachtaí a bhaineann leis sin, lena n-áirítear an obair a dhéanamh faoi dhó, chomhaontaigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go n-iarrfadh sé ar Choiste Gnó na Dála go ndéanfar na gnóthaí uile a bhaineann leis an nGaeilge, an Ghaeltacht, meastacháin na Roinne, an reachtaíocht agus eile, a chur faoi chúram an Chomhchoiste seo amháin, agus go mbainfear an cúram sin den Chomhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht.

Chomhaontaigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge go ndéanfaí na hathruithe cuí ar na Buan-Orduithe agus ar théarmaí tagartha an dá chomhchoiste chun an moladh sin a chur i gcrích, agus go leasófaí ainm an Chomhchoiste eile le go ndéanfaí an t-athrú ar na cúraimí sin a aithint.

I ndiaidh cruinniú mo chomhchoiste ar an 4 Samhain 2020, agus sular chum mé agus sheol mé an comhfhreagras seo chugat, labhair mé le Cathaoirleach an Chomhchoiste um Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta, an Teachta Dála Niamh Smyth, agus d’aontaíomar beirt go mbeadh sé i bhfad Éireann níos oiriúnaí agus níos ciallmhaire maidir le hobair an dá chomhchoiste araon, dá mbeadh na cúraimí a bhaineann leis an nGaeilge agus an nGaeltacht faoi chúram chomhchoiste amháin seachas faoi chúram dhá chomhchoiste, agus iad ag trasnú ar a chéile maidir leis sin.

Mar a luaigh mé i gcomhfhreagras roimhe seo, tá stádas ar leith ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir leis an nGaeilge agus gach rud a bhaineann léi; is stádas é sin atá á aithint ag pobal na Gaeltachta, pobal labhartha na Gaeilge agus muintir na hÉireann i gcoitinne, agus cuireann siad fáilte roimhe.

Chuir muid an nóta sin ar aghaidh ar an 5 Samhain. Bhí sé tábhachtach é sin a léamh isteach sa taifead go hoifigiúil. Tá súil againn go mbeidh an deighilt sin ann. Má tá comhaltaí ag labhairt lena n-Aoirí nó le comhalta den Choiste Gnó is féidir impí orthu tacú leis nuair a thagann sé mar chuid den Choiste Gnó. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Ní bhfuair mé freagra ar an litir go dtí seo. Cuirfidh mé an freagra sin timpeall a luaithe agus a fhaighimid é ionas nach mbeidh gá fanacht go dtí an chéad chruinniú eile.

Casaimid anois ar an bpríomhchuid dár ngnó inniu-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.