Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 11 November 2020

Joint Oireachtas Committee on Transport, Tourism and Sport

Issues Affecting the Aviation Sector: Discussion (Resumed)

Mr. Steve Ó Cúláin:

Gabhaim buíochas, a Chathaoirligh agus a bhaill den chomhchoiste, cuireann bainistíocht agus bord stiúrtha Aerfort Dhún na nGall fáilte roimh an deis seo cur i láthair a dhéanamh don choiste anseo inniu.

Tá Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall i mbun gnó ó 1986. Cuireann an comhlacht fostaíocht dhíreach ar fáil do thríocha duine, 30, agus tá costas saothair €985,000 sa bhliain i gceist. Baineann obair an aerfoirt le dhá phríomh aerbhealach, Dún na nGall go Baile Átha Cliath agus Dún na nGall go Glaschú, chomh maith le seirbhísí ginearálta eitlíochta, cairteitiltí príobháideacha, oibriúcháin mhíleata agus seirbhís don gharda cósta freisin. Is é an comhlacht Stobart Air nó Aer Lingus Réigiúnach, a chuireann seirbhís riachtanach Bhaile Átha Cliath ar fáil faoin gclár PSO nó Oibleagáid Seirbhíse Poiblí. Is é an comhlacht Loganair a chuireann seirbhís Ghlaschú ar fáil ar bhonn tráchtála amháin.

D’éirigh leis an aerfort a uasmhéid paisinéirí a bhaint amach in 2008, tráth a raibh 65,537 bpaisinéir i gceist. Tá an t-aerfort dírithe ó 2012 ar an líon sin tráchta a bhaint amach arís agus tá sé sin á dhéanamh de réir a chéile bliain i ndiaidh bliana, agus 45,542 paisinéir i gceist in 2019.

Maidir leis na nithe a ghoilleann ar aerfoirt réigiúnacha, tá tionchar ollmhór ag Covid-19 ar gach tionscal ar fud an domhain, ach is measa ná sin a thionchar ar chúrsaí eitlíochta. Ní hiad na srianta tráchta agus daoine coinnithe astu féin amháin atá i gceist, mar tá imní ar dhaoine freisin faoi shábháilteacht aerthaistil. Tháinig titim 90% ar líon na bpaisinéirí i mí Aibreáin agus Bhealtaine, an titim ba mhó riamh. Cé gur cuireadh an fhoireann ar sheachtain oibre giorraithe, d’éirigh linn an fhoireann ar fad a choinneáil mar gur bhain muid leas as an scéim cúitimh, the temporary wage subsidy scheme, TWSS, de chuid an Rialtais.

Tá tionchar millteanach ar an earnáil turasóireachta ag an gcoraintín 14 lá a chuirtear ar phaisinéirí idirnáisiúnta. Cuireann na paisinéirí seo go mór leis an rath atá ar cheantar an iarthuaiscirt. Tá cuid mhór den trácht eitlíochta seo bainteach le heitiltí Bhaile Átha Cliath agus baineann cuid de chomh maith le heitiltí Ghlaschú nuair is gnóthaí atá an séasúr.

Cé go bhfuil seirbhís Bhaile Átha Cliath ag obair mar is gnáth, tá muid fós ag coinneáil súil ghéar ar ár mbun chostais agus ár bpárolla ag fáil tacaíochta ó scéim cúitimh an Rialtais, employment wage subsidy scheme, EWSS. Baineann 64% dár gcostas iomlán oibriúcháin leis an bpárolla seo. Creidimid gur féidir linn ár gcaillteanas a choinneáil chomh íseal agus is féidir agus ag coinneáil le lánfhostaíocht ag an am céanna.

Anois, a Chathaoirligh, iarrfaidh mé ar mo chomhghleacaithe ó bhainistíocht stiúrtha an aerfoirt, Anne Bonner, leanúint ar aghaidh leis an gcur i láthair seo con choiste as Béarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.