Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 November 2020
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019: Conradh na Gaeilge
Mr. Julian de Spáinn:
Gabhaim buíochas arís as an deis a bheith anseo inniu. Is an-deis dúinn labhairt faoi chúrsaí an Bhille. Tá deis dochreidte ann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú go suntasach agus Acht a fhreastalóidh ar bhunchearta agus ar bhunmhianta pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ar fáil. Ba mhaith liom béim faoi leith a chur ar an deis seo agus a rá leis an gcoiste gurbh é seo, inár dtuairim, an deis is fearr a bheidh ann don chéad 20 bliain eile leis seo a dhéanamh. Níor chóir dúinn, mar sin, a bheith sásta glacadh le Bille lag, Bille gan uaillmhian ná Bille a bheidh mar chéim i dtreo cearta ach nach mbeidh na cearta sin ar fáil ar feadh 20 bliain eile. Tá géarghá le muinín a spreagadh sa phobal.
Is gá cinnteacht a thabhairt. Is gá forálacha a chur sa Bhille nach bhfuil débhríoch agus nach féidir leis an Státchóras neamhaird a dhéanamh díobh mar a tharla cheana. D’fhéadfadh an Bille seo freastail ar na Gaeil i gceart don chéad uair ó a bunaíodh an Stát ó Dheas. Tá reachtaíocht sásúil breis agus 100 bliain déanach, ach más mall is mithid. Is féidir linn sin a chur i gceart anois. Anois an t-am agus is ag na comhaltaí agus ag na hAirí cuí atá an fhreagracht agus an dúshlán seo a chur i gcrích, go háirithe d’aos óg na Gaeltachta agus na Gaeilge fud fad na tíre.
Dar ndóigh, tá Conradh na Gaeilge sásta ár ról a imirt san obair seo. Táimid lánsásta ár saineolas agus ár moltaí, a bhailigh muid ón bpobal, a roinnt le comhaltaí agus ná bíodh drogall orthu teacht ag labhairt linn ag aon phointe den reachtaíocht ag dul tríd Tithe an Oireachtais agus iad ag lorg aon eolas breise nó aon chomhairle. Tá neart le déanamh leis an mBille a foilsíodh i 2019 a neartú ach is gá a rá go bhfuil creatlach sa Bhille reatha, a chuir Roinn na Gaeltachta le chéile le moltaí uainn, ón gCoimisinéir Teanga agus ó fhoinsí eile san áireamh. Titeann na moltaí breise atá againn faoi trí chatagóir: leasuithe atá ag teastáil ar na leasuithe a d’fhógair an Rialtas le déanaí, mar shampla an spriocdháta earcaíochta de 2030; leasuithe ar fhorálacha sa Bhille faoi mar a foilsíodh é i 2019, mar shampla an gá le spriocdháta a chur isteach go mbeidh gach seirbhís Stáit ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeltachta; agus forálacha nua atá ag teastáil sa Bhille agus nár cuireadh san áireamh go fóill.
Rachaidh mé tríd cuid de na moltaí atá againn i ngach catagóir anois agus tá eolas breise ar na cinn nach bhfuil an t-am agam labhairt fúthu sa chaint tosaigh iomlán a scaipeadh ar chomhaltaí inné. Is féidir liom breis eolais nó aon cheist a fhreagairt ar aon cheann de na moltaí uainne nó eile atá ag comhaltaí ag an deireadh. Tagraím do chatagóir 1. Bhíomar an-sásta gur glacadh leis an moladh a rinne Conradh na Gaeilge an chéad lá riamh go gcuirfear foráil sa Bhille go mbeidh earcaíocht de 20% do dhaoine inniúil ar an nGaeilge san earnáil phoiblí amach anseo. Lorgaíomar leasú san olltoghchán i mbliana le spriocbhliain de 2030 a chur leis an bhforáil sin le cinnteacht agus le spreagadh a thabhairt don phobal. Bhíomar sásta a fheiceáil gur sheas Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas leis na gealltanais san olltoghchán leis sin a chur san áireamh sna leasuithe a fógraíodh le déanaí. Nílimid sásta, áfach, go mbeadh an fhéidearthacht ag an Aire líne síneadh a chur leis an dáta sin i 2028 má cheapann sé nó sí nach féidir an sprioc do 2030 a bhaint amach. Níor chóir seo a fhágáil mar atá sé. Bheimis ag moladh, más gá aon mheicníocht athbhreithnithe a bheith ann, gur fearr do dhuine neamhspleách, ar nós an Coimisinéara Teanga, moladh a chur le chéile bunaithe ar an bhfianaise agus go rachadh aon mholadh chuig an Dáil le cinneadh a ghlacadh, bíodh sin le cloí leis an spriochdháta de 2030 nó leis an dáta a chur siar nó chun tosaigh.
Tagraím do chatagóir 2. Is é ceann de na leasuithe is mó, inár dtuairim, gur gá a dhéanamh ar an mBille reatha ná gur chóir alt 18C(3) a leasú le cinntiú go mbeidh gach seirbhís ar fáil trí mheán na Gaeilge a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoi 31 Nollaig 2030. Tá pobal na Gaeltachta ag fanacht breis agus 100 bliain ar sheirbhís agus freastail trí Ghaeilge ón Stát. Tá sé réasúnta agus cóir go dtabharfar spriocbhliain cinnte dóibh go mbeidh an freastail iomlán sin ar fáil dóibh trí Ghaeilge don chéad uair. Tá neart leasuithe eile i gcatagóir 2 atá tábhachtach, ar nós gur chóir an téarmaíocht agus an fhoclaíocht a láidriú sa Bhille le cinntiú go mbeidh dualgas ar gach comhlacht poiblí glacadh le hainmneacha agus seoltaí as Gaeilge le síntí fada faoi bhliain faoi leith, agus táimid ag moladh 2025; go mbeidh gach foirm dátheangach leis an nGaeilge in aice leis an mBéarla i gcónaí, rud a bheadh oideachasúil agus spreagúil; go mbeidh gach ainm comhlacht Stáit nua as Gaeilge amháin le spreagadh a thabhairt don teanga; gur chóir cathaoirleach neamhspleách a bheith ar an gcoiste comhairligh agus ionadaíocht ón bpobal lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht air; agus gur chóir don Aire sinsearach Gaeltachta nó don Taoiseach a bheith i gceannas ar an bplean náisiúnta a chur i bhfeidhm.
As catagóir 3, ba mhaith liom roinnt de na heasnaimh a lua le comhaltaí nach bhfuil sa Bhille go fóill. Mar a dúirt mé cheana féin, seo í an deis is fearr don chéad 20 bliain eile le reachtaíocht sásúil a aontú agus creideann muid, mar sin, nár chóir go bhfanfaidh muid 20 bliain eile leis na rudaí seo a leanas a bheith curtha san áireamh. Ar nós Ombudsman na Leanaí agus an Coimisinéir Teanga sa Bhreatain Bheag, ba chóir go mbeadh an fhreagracht ar an gCoimisinéir Teanga le hiniúchadh neamhspleách a dhéanamh ar aon Bhille nó ar aon pholasaí mór Stáit nua le cinntiú go dtógfar an Ghaeilge agus an Ghaeltacht san áireamh go sásúil. Ba chóir go dtiocfadh fochonraitheoirí, a chuireann seirbhísí ar fáil do chomhlachtaí Stáit agus a fhreastalaíonn ar an bpobal, san áireamh faoin mBille, mar shampla Dublin Bikes. D’fhéadfadh seo a bheith ann go simplí, ag éirí as an reachtaíocht, dá mbeadh sé mar chritéir in aon chonradh mar seo a bhronnfar amach anseo.
Ba chóir go mbeadh impleachtaí ar neamhchomhlíonadh dualgais ón Acht. Ba cheart gur féidir dul chun na cúirteanna mura gcuireann comhlacht Stáit rialú ón gCoimisinéir Teanga i bhfeidhm agus tar éis a bhíonn imscrúdú maidir leis seo curtha ag an gCoimisinéir Teanga os comhair an chomhchoiste cuí i dTithe an Oireachtais. Ba chóir go dtiocfadh na bainc miondíola faoin Acht le cinntiú go gcuirfear seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ar na haipeanna agus ar an mbancáil ar líne ós rud é go bhfuil ceadúnas ón Stát acu le bheith ag gníomhú sa Stáit. Níl anseo ach cuid de na moltaí atá againn, agus mar a dúirt mé cheana, tá na moltaí ar fad ar fáil sa chaint tosaigh iomlán a scaipeadh ar chomhaltaí inné.
Ba mhaith liom críochnú maidir leis an mBille Teanga le tagairt do chúrsaí fógraíochta. Léiríonn sé na heasnaimh sa reachtaíocht reatha agus an fíric go gcaitear le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go rialta mar shaoránaigh den dara ghrád. Le linn na paindéime coróinvíris, tá an tsoláthar agus tá an freastail a rinneadh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, FSS, easnamhach agus thar a bheith míchothrom. Cé go bhfuil leagan Gaeilge ann den aip Covid, agus tharla sin mar gheall ar bhrú ó Chonradh na Gaeilge agus gníomh ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus cé go bhfuil roinnt fógraí raidió agus roinnt póstaer trí Ghaeilge, níor chaitheadh go cothrom in aon chor le pobal labhartha na Gaeilge.
Seo eolas maidir le fógraíocht as Gaeilge i gcomparáid le fógraíocht as Béarla. Seo caiteachas a rinneadh an FSS idir mhí an Mhárta agus deireadh mí Mheán Fómhair 2020. Chaith sé €1,007,000 ar fhógraí raidió. As sin, chaith sé €5,600 ar fhógraí as Gaeilge. Ar an teilifís, chaith sé €1,394,000 ar fhógraí agus caitheadh €39,000 ar fhógraí as Gaeilge. Ar na meáin shóisialta, chaith sé €135,000 ar fhógraí as Béarla agus níor caitheadh pingin ar fhógraí as Gaeilge. Sna nuachtáin, níor cuireadh aon fhógra as Gaeilge ar chor ar bith mar sin níl aon fhigiúr luaite ag an FSS cé mhéad a chaith sé ar fhógraí ansin. Tagraím don mhéid postálacha a rinne an FSS. Ar Twitter, bhí 4.4% de na postálacha as Gaeilge, bhí 3.3% de na postálacha ar Facebook as Gaeilge agus ní raibh post ar bith ar Instagram as Gaeilge.
I measc na leithscéalta a thug an FSS ar cén fáth gur tharla seo, cuireadh in iúl go soiléir nach raibh air níos mó a dhéanamh de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Tá cóip den litir ón FSS san áireamh sa chaint tosaigh iomlán mar eolas don choiste. Ní hé an FSS amháin a fhágann an Ghaeilge ar lár ach tarlaíonn sé an t-am ar fad ag Ranna agus comhlachtaí Stáit eile. Mar shampla, cé mhéad fógra raidió as Gaeilge a chuala comhaltaí riamh faoin mBreatimeacht nó faoi fheachtais náisiúnta eile? Is gá reachtaíocht anois leis an bhfadhb seo a leigheas agus táimid ag moladh go mbeidh ar gach comhlacht poiblí 20% dá chuid fógraíochta in aon bhliain ar leith, idir fhógraíocht thráchtála, fhógraíocht ar líne, fhógraíocht scríofa, fhógraíocht fuaime, fhógraíocht físe agus eile, a chur amach trí mheán na Gaeilge agus go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí 5% as an 20% sin ar na meáin Ghaeilge. Samhlaigh an spreagadh agus an dea-theachtaireacht a thabharfadh seo do lucht labhartha na Gaeilge agus don phobal atá báúil don teanga.
Críochnóidh mé ansin a chairde maidir leis an mBille. Ba bhreá linn go dtacóidh comhaltaí leis na leasuithe agus na moltaí atá againn don Bhille le cothromaíocht agus cothrom na Féinne a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
No comments